STAIR AN CHUMAINN:
BREAC CHUNTAS STAIRE AR CHUMANN CAIDE NA GAELTACHTA
Dála mórán paróistí eile ar fuaid Éireann, bhí caid á bualadh i nGaeltacht Chorca Dhuibhne i bhfad roimh bhunú Chumann Lúithchleas Gael in 1884.
Tá cur síos ag Tomás Mac Síthigh ina leabhar breá ‘Paróiste an Fheirtéaraigh- stairsheanchas an cheantair i dtréimhse an Gorta Mhóir’ ar imirt mhór Domhnach idir pharóiste Mhárthain agus paróiste Mórdhach agus paróiste na Cille sa bhliain 1830. Bhí, de réir na dtuairiscí, seacht gcéad fear san imirt agus ag seanshéipéal na Carraige i bparóiste na Cille a caitheadh in airde an liathróid an Domhnach san.
Sa bhliain 1889 a faightear na chéad tagairtí oifigiúla ar chluichí eagraithe fé anáil Chumann Lúithchleas Gael sa Ghaeltacht agus foireann na háite Ferriter ag tabhairt aghaidh ar Dingle.
I dtús na 20ú aoise bhíodh na paróistí á fhéachaint lena chéile go minic chomh maith. Bhíodh na cluichí idirpharóiste seo á n’imirt coitianta ar an mBuailtín. Lá le Pádraig 1907, tháinig na paróistí ar fad le chéile mar aon fhoireann amháin nuair a himríodh cluiche in úllgharraí an Daingin (an áit ina bhfuil páirc an bhaile anois) idir An Daingean agus 'Rogha an Iarthair'.
Ghlac na paróistí páirt i sraith Iarthar Chiarraí ón gcéad lá a bunaíodh an comórtas sin i 1906. Naoi gcinn d'fhoirne a bhí sa chomórtas- Abhainn a' Scáil, Lios Póil, An Daingean, Baile an Mhuilinn, Ceann Trá (Tom Ó Lúing ina chaptaen) Dún Chaoin (Liam Caomhánach ina chaptaen) Baile an Fheirtéaraigh (Maidhcí Grainbhéil ina chaptaen), Cuas (Batt Ó Cinnéide ina chaptaen) agus Baile na nGall (Maidhcí Mac Gearailt ina chaptaen). B'iad an Daingean a bhuaigh an chéad chomórtas sin.
I 1933 bhuaigh Cumann Caide na Gaeltachta comórtas idirmheánach an chontae i dTrá Lí nuair a fuaireadar an fear maith ar Chiarraí Theas. Mar thoradh ar sin, bhíodar i dteideal páirt a ghlacadh i gcomórtas sinsear an chontae agus d'fhanadar seacht mbliana sa chomórtas sin, gan ag éirí ró-mhaith leo aon bhliain.
Mikey Grainbhil, Muiris ‘Kruger’ Caomhánach, Tadhg Ó Caomhánach agus Gearoid Mac an tSaoir a bhí i bhfeighil an chumainn sa tréimhse seo. Gluaisteán Studebaker a bhí ag Kruger agus sin é a thugadh ó áit go háit iad.
I Meán Fhómhair na bliana 1940 tháinig an tAthair Pádraig Mac Amhlaoibh mar shagart cúnta ar an mBuailtín. Bhí an-éileamh ar chaid aige. D'eagraíodh sé comórtas caide idir na paróistí ar fad. Sé fhoireann sa pharóiste a bhí i gceist, 15 imreoir ins gach foireann. Bhíodh na cluichí á n’imirt i ngort Nell Devane ar an mBuailtin agus i ngort Jamesie Saill Ó Mainnin.
Tá cur síos ag Domhnall Mac an tSíthigh ina leabhar ‘An Baile i bhFad Siar’ ar chuid des na himreoirí is fearr dá bhfaca sé féin sa tréimhse seo, imreoirí ná raibh riamh i gcoláiste ná fiú i Scoil na mBráithre sa Daingean:
“Bhí Tomás Ó Flatharta nó Thomas Thaidhg ó Thíorabháin i mBaile an Fheirtéaraigh; Páid Beaglaoich ó Bhaile Dháith i bparóiste Mórdhach, gaol do Jerry Begley a d’imir do Chiarraí sna 1920-aí; Walsh-ín ón bhFeothanaigh i bparóiste Mórdhach; Tom Connor na Cille; Jerry Garvey ón gCeathrú i nDún Chaoin; Seán Ó Dubhda ón Muiríg agus Micheál Ó Coileáin ón mbaile céanna. B’iad rogha na n-imreoirí iad sna 1940-aí”
An tAthair Jackie Mac Ginneá ón nDaingean a tháinig i gcomharbacht ar an Athair Mac Amhlaoibh mar shagart cúnta sa bhliain 1947. Bhuaigh Mac Ginneá cúig bhonn contae leis an nDaingean (1938, 1940, 1941, 1943 agus 1944) mara raibh plúr na n-imreoirí ón nGaeltacht ag imirt chomh maith. Bhuaigh imreoirí Gaeltachta boinn craoibhe contae leis an nDaingean i 1941, 1943, 1944 agus 1948. Lean an tAthair Mac Ginneá ar aghaidh le comórtas na bparóistí le geansaithe agus bróga caide mar luach saothair. I gceann des na cluichí ceannais d'imir Cuas i gcoinne Cheann Trá i ngort Jamesie Saill.
Tomás Ó Lúing ó Ionad na bPoll sa Daingean an réiteoir an lá úd. Toistiún a bhí ar an ngeata. Chuaigh an cumann i léig ansan ar feadh cúpla bliain.
I dtús na 1950-aí tugadh faoin gcumann a chur ar a chosa arís. Johnny Ó Fiannachta ó Chill Ura, Peaití Budhlaeir ó Bhaile an Fheirtéaraigh, Jer Ó Cíobháin ós na Gorta Dubha, Lawrence Ó Cíobháin ó Dhún Chaoin, Seán Ó Dúbhda, Muiríoch, agus Séamus Mac Gearailt, Baile an Mhordhaigh, a bhí i mbun athbheochana an chumainn.
Bhí Tomás Ó Grifín ó Chathair Boilg i gceann an tslua ag coimeád foirne Gaeltachta chun páirce ins na 1960-aí.
Imríodh an chéad chluiche idir Ghaeltachta i Meitheamh na bliana 1963 nuair a himríodh cluiche fé 15 ½ idir Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus an Cheathrú Rua ar an gCeathrú Rua. Bhuaigh an Ghaeltacht - 3-3 le 0-3 agus tá na boinn a bronnadh ag an ‘Mórdháil Gael’ mar a tugadh uirthi, le feiscint thíos.
Tá áireamh déanta in áiteanna eile sa leabhar seo ar ról an chumainn i luath-bhlianta Chomórtais Peile na Gaeltachta ach díol suntais gurb í Áine Ní Mhurchú, Baile Loisce an chéad bhean a bhí mar thoscaire thar cheann an chumainn go dtí Comhdháil CLG Chiarraí i dtús na 1970-aí.
Bhuaigh an cumann craobh Shóisir Chiarraí sa bhliain 1976 agus tamall de bhlianta ina dhiaidh sin, cuireadh bonn ceart fé chúrsaí Bord na nÓg sa chumann ach a dtosnaíodh le comórtas idir bhunscoileanna, Corn Mhic Eoin.
Le forbairt na páirce i nGallaras i dtús na 1980-aí agus filleadh Liam Uí Rócháin ar an bhfód dúchais ó Chléire thosnaigh an réabhlóid caide i gceart. Buadh craobh fé 14 an chontae, Roinn 1, don gcéad uair i 1989 agus dhá bhliain ina dhiaidh sin, buadh craobh shinsir Chiarraí Thiar don gcéad uair le fiche bliain.
I 1992 bhuaigh an Ghaeltacht craobh nóibhíseach an chontae. An bhliain dar gcionn tháinig craobh shóisir an chontae agus cé go dtóg sé cúig bliana eile sara mbuafaí an chraobh idirmheánach, bhuaigh Corca Dhuibhne Comórtas Peile na Gaeltachta i 1995 agus 1996 agus buadh craobh sóisir seachtar-an-taobh na hÉireann fé dhó sa tréimhse chéanna. Osclaíodh Páirc Chaide Ghallarais go hoifigiúil i mBealtaine 1996 agus thug an cumann fé turas stairiúil go Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndeireadh na bliana. Tháinig an chéad bhua i gComórtas Peile na Gaeltachta don gcumann as féin sa Rinn i 1999.
I nDeire Fómhair na bliana 2001 sroicheadh an Tír Tairngre ach a mbuadh Craobh Shinsir Chaide an Chontae, Corn an Easpag Ó Muineacháin, don gcéad uair i stair an chumainn. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, chuathas céim níosa shia nuair a cuireadh craobh na Mumhan le craobh an chontae ach ní raibh rith an ráis linn i gcluiche ceannais na hÉireann 2004 nuair a bhí pointe amháin idir sinn féin agus Cealtrach na Gaillimhe ar Lá ‘le Pádraig.
Bhuaigh an Ghaeltacht Sraith an Chontae, Roinn 1, don gcéad uair i stair an chumainn i 2007 agus cé go raibh thuas seal agus thíos seal againn ó shin i leith, táimid ag feidhmiú i Roinn 1 na sraithe le trí bliana anuas, an chraobh idirmheánach i gCiarraí agus i gCúige Mumhan chomh maith le Craobh Shinsir Chomórtas Peile na Gaeltachta buaite i 2017 agus an dara páirc imeartha forbartha i nGallaras le déanaí dos na glúnta atá le teacht- idir chailíní is buachaillí.