Cuímhneacháin 2001
Is mó fear agus bean a d’imigh romhainn ó bunaíodh Cumann caide na Gaeltachta ag a raibh taithí na mblian - idir bhua agus chailliúint araon.
Gan dabht agus sinn ag ceiliúradh éachtaí an lae inniu, níor cheart dúinn dearmad a dhéanamh orthu siúd a chaith léine na Gaeltachta le mórtas croí nó a d’oirbrigh in aon slí ar shon an Chumaiin san am atá caite. B’iad siúd na daoine a chuir an síol atá taréis bláthú inniu agus atá taréis Fómhar breá a thabhart dúinn.
Is linne a bhí an t-ádh bheith i láthair beo sa bhliain 2001. Nuair a thugamar linn don gcéad uair riamh corn an Easpaig Uí Mhúimhneacháin ó Chill Áirne, trí Thrá Lí agus thar Dhroichead Bhaile an Mhuillinn - siar go dtí ár ndúthaigh féin - an Ghaeltacht - fanfaidh cuímhní agus eachtraí na bliana seo caite inár gcroí go deo. Braithimíd gur bhain an éacht seo ní h-amháin le n-imreoirí agus lucht tacaíochta an lae inniu ach leo siúd go léir idir fhearaibh agus mná a d’oibrigh go dian dícheallach ar son an Chumainn sna blianta fada ó shoin.
Tá an chuímhneacháin seo á chur le chéile ar son na ndaoine go léir a réitigh an bóthar do’n aisling gheal seo - ní inniu ná inné a leagadh an bhunchloch do’n mbua stariiúil seo. Gabhaimíd buíochas ó chroí leis na n-imreoirí go léir a thug laethanta breátha thaithneamhacha dúinn i rith na mblianta fada ó bunaíodh an chumann agus leis an lucht tacaíochta dílis a lean an Cumann ar fuaid an chontae agus ar fuaid na nGaeltachtaí go léir sa tír. Táimíd ag comóradh na gcuimhní iontacha a lean an bhliain 2001 agus ag léiriú gur féidir beart a dhéanamh le comh-oibriú, le dúthracht, le díogras, le foighne agus le h-obair chruaidh - idir imreoirí agus baill an choiste agus lucht tacaíochta.
Gabhaimíd buíochas le gach éinne a thug a gcuid ama agus a gcuid cabhrach go fial agus sinn ag cur an chuimhneacháin seo le chéile - agus tá súil againn go gcuirfidh sé áthas ar ár gcroíthe agus go dtabharfaidh sé siar ar bhóithrín na smaointe sinn ‘ sna blianta atá le teacht. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil leis na h-iriseoirí, griangrafadóirí Spóirt a lean ár gcosán go ceann scríbe agus a scríobh cúntaisí cruinne agus a thóg pictiúrí breátha, a chabhraigh linn go mór i gclárú agus léiriú an bhua stairiúil sa Chraobh an Chontae agus sa Chraobh Comórtas na gClub chomh maith.
Táimíd buíoch dóibh siúd go léir a chuir an dua agus an bráca orthu féin chun cúntas a scríobh fé na mothúcháin ar an mbua stairiúil seo i Stáid a’ Ghearaltaigh, Cill áirne ar an nDomhnach, an 28ú Déireadh Fómhair 2001. Táimíd fé chomaoin ag ár lucht tacaíochta dílis - gur mó lá briseadh croí a bhí acu le blianta ach a sheas linn mar sin féin agus a thug breis spreagadh agus dóchas dúinn tabhairt fé arís an bhliain dá’r gcionn.
Ní féidir dearmad a dhéanamh ar na daoine go léir lasmuigh do’n nGaeltacht féin a lig scrad agus béic chomh h-árd le héinne againn féin astu chun sinn a mhealladh agus a spreagadh. Dheineadhar san céiliúradh inár dteannta aus is mó litir agus glaoch guthán a fuaireamar mar spreagadh roimis na gcluichí agus mar chomhgháirdeachas ina dhiaidh.
Go raibh maith agaibh go léir - le chéile is fearr sinn -
Ní neart go cur le chéile.

Cómhgáirdeachas
An Canónach, Jeaci Mac Ginneá
Caithfhead tosnú le fíor chomhgáirdeachas a dhéanamh le Cumann Caide na Gaeltachta, leis na h-imirtheoirí agus le gach duine a thug cabhair agus tacaíocht do'n gCumann agus iad ar thóir príomh duais caide i gCiarraí - Craobh Sinsear an Chondae.
Is minic a cloisimíd an sean-fhocal, 'Mol an Óige agus Tiocfhaidh Si'. Bhí a chruthú san go deimhin againn ar an lá álainn san i bPáirc an Ghearaltaigh i gCill Áirne, an 28ú Deireadh Fomhair seo chaite, nuair a rug gaiscígh na Gaeltachta an chraobh san leo agus thugadar Corn Uí Mhuíneacháin thar Droichead Bhaile an Mhuilinn agus an Roundabout do'n gcéad uair riamh.
B'iontach an ocáid í agus n' fheadar éinne an t-áthas agus ardú chroí a thug an bua san do'n gcumann agus dos na leantóiri go léir. Ach, ní inniu na inné a thosnaigh an obair chun an chraobh san a bhaint amach. Táimid buíoch do Bhórd na nÓg go speisialta mar gheall ar an obair agus an treoir a thugadar mar mhaithe le haois óg na dúichí. Is fíor a rádh gur tháinig an fhoireann so aníos chughainn tré comórtaisí Bórd na nÓg, na comórtaisí fe bhun 12, I4, 16 agus mionúir go dti go rabhadar ullamh mar imirtheoiri sinsir chun tabhairt fé chraobh sinsear an chondae.
Rud fíor-thábhachtach eile maidir le dul chun cinnn an chumainn ná gnóthú na páirce i nGallaras. Is cuimhin linn nuair ná raibh aon pháirc imirthe fé leith ag Cumann na Gaeltachta. Is mó pháirc in ar imríodh cluichí tríd na blianta anuas agus iad ag braith ar dea-mhéin no margadh a dhéanamh leis an uinéir do'n samhradh. Is mó cluiche a imríodh ar an mBuailtín i bpáirc le Jamesy Ó Mainnín.
Tá páirc imeartha anois acu atá ionchurtha le haon ceann eile sa chondae. Tá sár-usaid á bhaint aiste agus ní baol ach go mbeidh a thuile agus a thuile de imirtheoiri de'n chéad scoth ag déanamh gaisce agus éacht do Cumann Caide na Gaeltachta.
Go n-éirí libh i gcónaí.
An Canónach
Jeací Mac Ginneá

Seal fé Bhlath...
Mar aon leis na haon ógánach ins na haon chúinne de thír na hÉireann, is ag lascáil na caide a bhí leaideanna óga na Gaeltachta riamh, ba chuma cén áit, cén t-am, ná cé leis.
Ins na háiteanna san chloisfeá cur síos ar na tréithe caide a bhí le feiscint sna fearaibh óga, ar nós go raibh an-ghreamú aige, bhí an dhá chois aige, bhí sé chomh tapaidh le giorria, nó ní theithfeadh sé ó aon rud.
Ar an dtaobh eile dhe, deirtí faoi imireoir (laistiar dá dhrom gan amhras) - bhí sé chomh cam le adharc reithe, ní thabharfadh sé pas dá mháthair, tá sé chomh lag le sicín, nó tá smut de mheas aige siúd air féin.
An uair sin cluichí eatarthu féin a bhíodh acu, ar bheagán eagrú, ach mo ghraidhin an té a ligfeadh síos a fhoireann féin. Ar a shon san spórt, caitheamh aimsire, cleachtadh, agus sásamh á bhaint ag gach éinne as na cluichí.
Deirtear go raibh cluichí eagraithe ann d'ógánaigh na Gaeltachta i ndeireadh nandaicheadaí agus i dtús na gcaogaidí.
I dtús na seascaidí chuaigh foireann óg ón nGaeltacht chomh fada le Conamara sa Ghaillimh, an deireadh seachtaine céanna go dtug Uachtarán Mheiriceá ag an am, John F. Kennedy, turas oifigiúil ar an gcathair san.
Tháinig borradh arís ar chluichí fé aois i lár na seascaidí, agus i 1969 bhuaigh foireann peile fé 14 na Gaeltachta ar Chaisleán Ghriaire i gcluiche ceannais sraithe peile Chiarraí Thiar agus, cé gur bronnadh boinn ar imireoirí na Gaeltachta tar éis an chluiche san, meastar go raibh smál ar a mbua, toisc gur imir cúpla imreoir a bhí os cionn aoise, más fíor, i gcúpla cluiche i dtús an chomórtais.
Ba i ndeireadh na seachtóidí agus i dtús na n-ochtóidí a tháinig borradh ceart ar chluichí peile fé aois i gCiarraí Thiar, le comórtaisí fé 12, fé 14 agus fé 16 ar siúl gach aon bhliain ó 1979 i leith.
Ó 1983 i leith tá fóirne fé aois na Gaeltachta tar éis ar a laghad comórtas amháin fé aois a bhuachtaint i gCiarraí Thiar gach aon bhliain.
I 1986 agus 1987 bhuaigh fóirne na Gaeltachta gach aon chomórtas i gCiarraí Thiar fé 12, fé 14, agus fé 16.
Bhuaigh an cumann an comórtas fé 14 ocht mbliana as a chéile agus trí bhabhta dhéag ar fad idir 1985 suas go dtí 1998.
Cinnte, is ar an mbunchloch san a leag Bord na nÓg síos a tógadh agus a cuireadh le chéile foireann na Gaeltachta a bhuaigh craobh sinsir peile Chontae Chiarraí anuraidh, an gradam is aoirde gur féidir le aon chumann peile i gContae Chiarraí a bhuachtaint.
Fuair na peileadóirí a dhein an t-éacht iontach san treoir, spreagadh agus comhairle le linn a n-óige ag imirt na caide, bhláthaíodar mar imreoirí iontach toisc an obair a dhein daoine nách gá a ainmniú anseo ar a son, á dtabhairt anseo agus ansiúd, ba chuma fliuch nó tirim é, ar thurasanna fada chun cluichí a imirt, agus ag teacht abhaile déanach istoíche go minic.
Tá a fhios ag na himreoirí sinsireach anois cé hiad na daoine seo.
Fé láthair, tosnaíonn daoine óga ag traenáil leis an nGaeltacht ach a shroicheann siad ocht mbliana agus, as san go dtí go mbíonn na sé bliana déag slánaithe acu, tagann siad fé scáth Bhord na nÓg..
Tá feabhas agus athruithe thar na bearta tagaithe ar áiseanna agus ar mhodhanna traenála caide le blianta anois, agus fiú bróga caide ar fáil anois, a bhuaileann an chaid chomh díreach le piléar, agus stáir ó bhaile, más fíor an fhógraíocht!!!!
Fós, ach a gcuireann peileadóirí óga an lae amáirigh geataí ghort Ghallarais isteach dóibh inniu, agus na haccoutrements caide is nua-aimsirí ar sileadh leo, tá siad ag lorg treoir agus spreagadh agus comhairle ó imireoirí eile an Chumainn atá gafa trí chóras Bhord na nÓg le triocha bliain, treithe nách féidir a cheannach in aon áit.
An bhfuileann tusa anois ar dhuine acu seo a dhéanfaidh do chuid d'aos óg na linne seo agus an dea-shampla a leanúint ar aghaidh??
Amach anseo beifear buíoch duit!
Cuimhnigh: Ní bhíonn an óige ach 'Seal Fé Bhláth'...
An Ghaeltacht Abú!.
Jeaicí Mac Gearailt.
Cathaoirleach Bhord na nÓg 2002

Séamas 'Jim' Mac Gearailt
"Mair a chapaill agus gheobhair féar" a deir an seanfhocal. Tá ana áthas ormsa gur mhaireas chun club caide na Gaeltachta a fheiscint ag buachtaint craobh shinnsir peile an chontae agus go raibh páirt ghníomhach agam féin ann. Dá ndéarfadh éinne liomsa deich mbliana ó shoin go dtárlódh a leithéid déarfainn leó éirí as an dtaibhreamh. Is ionatch agus is stairiúil an éacht í nuair a chuimhníonn tú gur club sóisireach iad blianta gairid ó shoin .
Nuair a buadh craobh na gclub in aghaidh an Ráth Mhór thuig gach éinne nár imríomar ach leath chuíosach. Thug an bua seo ana mhisneach dúinn áfach, agus d'aontaigh na himreóirí ar fad go ndéanfaidís sár iarracht craobh an chontae a chur leis. Glacadh le cuirfiú (curfew) ar phórtar, ar ragairne agus ar a leithéid agus fuaireadh an luach saothair ar Pháirc an Ghearaltaigh ar an 28ú Deire Fómhair
Ní dhearmadfaidh mé go deó an t-atmasféar a bhí i gCill Áirne an lá stairiúil úd . Muintir na Gaeltachta agus deóra ina súile le lúcháir agus le h-áthas. Clabhsúr a bhí ann ar obair na mblianta agus obair alán daoine. Nílim chun tosnú ag lua ainmneacha mar n'fheadar cá dtosnód ná cá gcríochnóinn . Ach is féidir le gach duine go raibh aon bhaint acu leis an
gclub thar na mblianta a bheith bródúil as a bhfuil déanta acu agus is deas
é bheith le rá go raibh baint nách beag ag mná leis chomh maith - cá mbeimís
gan iad?
Trí rud a d'iarras ar na himreóirí i gcónaí :
(1) Meas bheith acu orthu féin.
(2) Meas a bheith acu ar an gclub.
(3) Meas a bheith acu ar na daoine a bhí ag cabhrú leó.
Táim féin ana bhródúil go raibh páirt agam sa bhua stairiúil seo ach is bua fóirne a bhí ann ó thús go deireadh - roghnóirí, traenálaí, oifigigh, lucht leanúna agus urraithe . Ba mhaith liom buíochas ó chroí a ghabháil lem' chomh bhádóir Seán Chráilí Ó Beaglaoi, na roghnóirí Morgan , Tony agus Johnny , an traenálaí Feargal agus an painéal iomlán imreóirí ó uimhir 1 go 32 ...buíon chomh lách dícheallach is a d'fhéadfaí a fháil (cúplacnopán breá do rógaire ina measc , ach cá mbeifeá gan iad ?). Buíochas ó chroí leis dár lucht leanúna dílis a len an fhoireann is cuma cá rabhadar ag imirt. Gura fada buan iad ar fad . Is linn ar fad an bua seo. Bainimís taithneamh as. Tá an buaic sroichte sa chontae . Buaic Uile Éireann ag íor na speire. Oibrímís le chéile ina threó .
Séamus

Maidhc Dainín
Ardaíonn mo chroí i gcónai agus mé ag tiomáint mo thrucail, nuair a chloisim dispóireacht nó scéal nua eigin ar Raidio na Gaeltachta faoi chúrsaí chumann Lúthchleas Gael. Cad na thaobh ná déanfadh, a dhuine, nach as a fáisceadh mé.
Ach, ar m’anam, blianta ó shoin, nuair a seoladh tríd an aer go raibh Páirc Chaide Ghallarais á oscailt go h-oifigiúil ar an gcéad deire seachtaine do Bhealtaine 1996, rith mo shmaointe siar trí mo shaol féin. Gach a gcuala agus a chonac ó thána go blianta na tuisceanna ar dtúis go dtí breacadh an lae sin.
Micheal O'h-Eithir ag stealladh amach as an seana Raidio Cosser a bhi chomh mor le bosca na nÓinseach (Teilifís) atá i gcúine an lae inniu againn. ‘All Irelands’ idir Chiarraí agus an Cabhán, Ciarraí agus Muigheo, Ciarraí agus Ard Mhacha, gan trácht ar na blianta glórmhar sna Seachtódaí ná doigh liom go bhfeicfimíd a leithéid ar feadh blianta fada arís.
Ár bPairc fhéin againn ar deireadh thiar thall ! Céad buíochas le Dia, agus an mhiriúilt a leanann é. Áit chun traenáil agus traenalaithe le suim ina gcúram. Treoir dos na daoine óga,‘medals’, Coirn dos na Fóirne buacacha. A Chríost, maith dhom é, ach bhí formad orm.
Inniu, a bhuachaillí agus a chailíní, beidh Ciarraí Thiar tréigthe agus na sluaite ar fad tar éis Páirc na h-imeartha a dhéanamh amach i gCill Áirne. Ón lá sin a d’osclaíodh ár bpáirc féin i nGallarus, sin é an uair a thosnaigh an gaisce agus sinn ag dul i bhfeabhas gach aon bhliain. Maith a b’fhiú an braon allais a sileadh ag forbairt na pairce.
Inniu an bhuaic-phointe go dteastaigh uainn ar fad a fheiscint ó fhoireann na Gaeltachta - ní tharla sé riamh gur bhuamar Craobh Sinsir an Chontae. ‘Sé seo ár seans anois !
An fhoireann ar fad, ach duine amháin, thánadar tríd lámha Liam Ó Rócháin, ach nach breá mustarach a bheadh sé ag ardú an chupa inniu i bPairc na nGearaltach i gCill Áirne.
Caithfidh gach imreoir a bheith ina mbeirt, mar ní bheidh sé fuirist na Stacaigh a chlaoí. Beidh súil againn ar fad le cluiche mór ó gach aon imreoir. Bíonn cúigear déag ar gach taobh agus iad ag baint raitheanach as a chéile.
Tá sibhse, mar imreoirí na Gaeltachta ag leanúint traidisiúin fada, láidir. Cuimhnigh ar Batt Garvey, Breandan O'Sé, Dan Learai O'Ciobhain, Tom Long, Mick Murphy, Maidhc Sé, Séamus Mac Gearailt agus Paidí O Sé. Níl ansan ach roinnt dos na himreoiri a bhí i mbarr béil ag gach éinne lem’ linn féin. Laochra iad ar fad ! Sibhse ár laochra inniu. Seasaigí an fód agus árdaigí bhúr gcroíthe. Seo bhur lá.
Táimíd dóchasach go ndéanfaidh síbh an job inniu. Seo libh an Ghaeltacht !
An Ghaeltacht agus Na Stacaigh i gCluiche Cheannais an Chontae !
Im óige agus im dhúil sna chluichí Gaelach, níor shrios mo shamhlaíocht riamh spice chómh hárd. Bail O Dhia ar na daoine ar fad a thug a gcuid ama chun an pháirc bhreá i nGallarus a fhorbairt, agus gach a chur a lámh ina bpóca chomh maith. Beidh luach bhur saothar le fesicint i gCill Áirne inniu, le cúnamh Dé !
Is sasta an fear Maidhc Daneen inniu
Up Gaeltacht.
Maidhc Daneen O Sé

Foinse 4 Samhain 2001
Rinne an bheirt Phoncánach an-iontas go deo nach raibh de chustaiméiri Tigh Kruger i nDún Chaoin ag a trí a chlog Dé Domhnaigh seo caite ach an bheirt acu féin. Sé an scéala a bhí faighte acu gur annamh nach mbíodh comhluadar suáilceach le fáil san áit. Ba dheacair an deoch fhéin a fháil ann Dé Domhnaigh seo caite, ba mhó suime a bhí ag an bhfreastalaí cluas a thahhairt don raidió a bhí fágtha ar an gcúntar - tráchtaire ag cur síos ar chluiche ba chosúil, i dteanga choimhthíoch éigint. Ní raibh aon trácht ar leithéid na rudaí a mheall ár gcaraid chun na háite - Ryan's Daughter, Fungi agus teistiméireacht Tom Cruise.
Meastú a dúradar lena chéile an raibh aon bhaint aige leis an coup d'etat ba léir a bheith tite amach. Coicís roimhe, nuair a thugadar a gcéad chuairt thar Dhroichead Bhaile an Mhuilinn siar, bhí bratacha uaine agus óir ar foluain ar fud na háite. Ar fhilleadh dóibh Dé Domhnaigh seo caite ba léir go raibh a ndílseacht athraithe ag na daoine aitiúla. Bhi deireadh leis an uaine agus ór agus bratacha dearga agus bána anois ar foluain chuile áit ar leagadar súil.
An ceo a thiteann ar Chnoc an Iolair, ar Chruach Mhárthain, ar Leataobh Mór agus ar Bhinn na mBan a d'fhag go raibh siad ar ais arís. Ní baileach gur thugadar áilleacht na háite ar fad leo nuair a thugadar na bratacha faoi deara don chéad uair. Ba bheag an mhaith a bheith ag ceistiú an fhreastalaí faoin athrú dílseachta mar go raibh a chluas siúd greamaithe den raidió. Agus ina n-aistear ar fad nior chas oiread agus duine orthu ar an mbóthar a d'fhreagródh a gceisteanna. Ba léir go rabhadar ar fad tugtha faoi na cnoic agus faoi na cladaí. Ceantar tréigthe ar chúis éigint ab ea Corca Dhuibhne De Domhnaigh seo caite.
Agus ar fhilleadh chun an Daingin dóibh le titim na hoíche bhí alltacht ar na Poncánaigh nuair a thugadar faoi deara go raibh pobal Iarthar Dhuibhneach fillte ar na nósanna págánacha a chleacht a sinsir agus a bhfuil cur síos orthu sna leabhair a cheannaíodarsan sa gCaife Liteartha. Cén fáth eile a mbeadh tinte cnámh á lasadh san oíche Dé Domhnaigh seo caite ag chuile chrosaire idir an Baile Loiscthe agus Cuimineoil, idir an Baile Uachtarach agus Baile na bhFionnúrach. Murar le gnásanna págánacha a bhain siad, b'fheidir go mba chomhartha de chineál éigint iad dóibh siúd a raibh an dúiche tréigthe acu.
D'fhág an bheirt Aerfort na Sionna go luath maidin Dé Luain seo caite. Dá mbeadh uair a chloig nó dhó eile acu b'fhéidir go mbeadh fuascailt an scéil acu nuair a léifeadh siad tuairisc Tony Leen san Examiner ar bhua iontach na Gaeltachta ar na Stacaigh sa gcluiche ceannais sin i gCill Airne.
Thuigfeadh siad ansin cén fath a raibh Corca Dhuibhnc tréigthe Dé Domhnaigh seo caite agus cén fáth a raibh na tinte cnámh ar lasadh fós ann le breacadh an lae Dé Luain. Sé an feall nach raibh oiread Gaeilge acu agus a thabharfadh leis dóibh eisteacht Tigh Kruger le tráchtaireacht iontach Mhichíl Uí She ar Raidió na Gaeltachta, le tuairisc thochtach chorraitheach Phádraig Uí Shé ar imeachtaí an lae tráthnóna agus lis an ngliondar agus leis an mbród a bhí i nglór Mhicí Uí Chonchubhair nuair a ghlac sé an Corn ó Chathaoirleach Choiste Contae Chiarraí, Seán Breathnach.
Ní hiad pobal na Gaeltachta ó Dhroichead Bhaile an Mhuilinn siar amháin ba cheart a bheith ag céiliúradh bua an Domhnaigh seo caite ach iad siúd a chleachtann teanga na nGael i chuile cheard den tír agus den domhan. Ar bhealach aisteach, fánach tugann bua seo Mhicí ages a chomrádaithe árdú meamnan dúinn ar fad agus údar bróid as cé dár díobh muid.
Is údar bróid faoi leith é dóibh siúd a mhúnlaigh na himreoirí - an bainisteoir Séamus Mac Gcarailt agus a chuid roghnóirí, na himreoirí sinsearacha Darragh agus Tomás Ó Sé, Dara O Cinnéide agus Aodán Mac Gearailt, imreoiri óga ar nós Mharc Uí Shé, Rónán Uí Fhlatharta agus Chonall Uí Chruadhlaoich agus leithéidi Mhicí, Feargal Ó Sé, JJ. Ó Corduibh, Seán Mac an tSíthigh, Caoimhín Breathnach, Pól Ó Cuinn, Pól Ruiséal, Cathal Ó Dúbhda agus Rob Mac Gearailt.
Tá mé cinnte gur thug an bua sásamh faoi Leith do Liam Ó Rócháin agus do Mhícheál Ó Sé a bhfuil dosaen blianta ar a laghad caite acu ag spreagadh agus ag oiliúint imreoirí óga na Gaeltaehta agus do na hoifigigh ar fad a chaith a ndúthracht agus a thug a gcuid ama go fial agus go flaithiúil. Níl sé i bhfad blianta ó bhí sé ag cinniúint ar an nGaeltacht an grád nóibhíseach a fhagáil ina ndiaidh, féach anois iad agus an gradam is airde dá bhfuil ar fáil ina gcontae bainte amach acu. Ag an am a raibh siad ag filleadh abhaile thar Dhroichead Ui Mhóráin siar Dé Domhnaigh seo caite agus Corn Uí Mhuimhneacháin ina seilbh acu don chéad uair riamh, bhí mise ag filleadh ar mo bhaile fhéin agus mo chloigeann lán le cuimhní ar mhóreachtraí an lae. Céad go leith míle ar shiúl uathu, ar Bhóthar uaigneach Loch an Iolair ba feasach dom ar bhealach éigint go raibh mé ag roinnt na hócáide leo.
Mar a déarfadh Meáig go ndéana Dia trócaire uirthi - "Mo ghraidhin iad."

An Ghaeltacht Abú
Jim an tSaorsaigh
D’imiríosa do fhoireann na Ghaeltachta sa ghort taobh thíos do scoil An Bhuailtín I 1953. Bhí áthas orm agus mórtas mór a bheith sa cheibirt, ach buíochas le Dia tá rudaí athraithe ó shoin. Bunchloch na haithbheochana ná Páirc Ghallarais. Is cúis áthais díbhse go léir timpeall an cheantair oscailt na Páirce sin. Tá moladh mór ag dul don gCumann agus do mhuíntir na háite a d’oibrigh chómh dian agus chómh dicheallach san am, go bhfuil agaibh an páirc imeartha is fearr sa tír, bíodh sí fliuch nó tirim.
I rith an tSamhraidh tugaim féin agus Peaidí (na gcaipíní) turas ar Gallarus mar a raibh ár n-imreoirí ag traenáil go dian dúrachtach i gcóir na caismirte a bhí rompa. Is mise a bhí go bródúil asta mar tá mo chroí san áit agus beidh go brách. Beannacht Dé le hanamacha na n-imreoirí atá imithe ar shlí na fírinne uainn. Bhíodar ar fheabhas.
Deinim traoslú óm’ chroí le imreoirí agus lena gcómharleoirí ar an lá stairiúl i gCill Áirne. Bhíodar chomh maith le aon foireann as a chontae riamh. D’imríodar go hiontach mar a chéile leis an gcosmhuintir. Ná dein dearúd ná go raibh mhuíntir Thrálí ag súil go mbainfidís an bua amach iad féin.
Ní rabhas istigh liom féin in aon chor le heagla na heagla go dtárlódh rud gan choinne, ach is mise a bhí bródúil nauar a fuair Micí Ó Conchúir an tEaspag.
Rath Dé oraibh go léir agus le cúnamh Dé ní hé deireadh fós é!
Jim

Micí Ned
Cuireann sé lúcháir ar ana chuid daoine i gCiarraí gurb iad an Ghaeltacht curaí craoibhe chontae na bliana 2001. Tá mórán cúiseanna leis seo ach dar ndóigh an chúis is mó leis ná gurb é seo an chéad bhabhta riamh ag an gcumann a leithéid a bhuachtaint agus , ní hamhlaidh a bheadh i gceist ag na Stacaigh fé mar atá fhios ag an saol Fódhlach .
Tugann bua na Gaeltachta ana mhisneach ní hamháin do gach aon chumann tuaithe ach , tugann sé misneach leis , do gach aon duine beó sna ceantair seo. Ábhar dóchais é a mbua dos na ceantair go bhfuil nó go raibh greim ag bánú tuaithe iontu leis na blianta. Ní nách ionadh tugann sé misneach thar na bearta do thraenálaithe fé aois na gcumainn sa chontae - fianaise isea é go dtiocfaidh bláthú ar pholasaithe maithe don óige má léirítear foighne agus féinsmacht á gcur i bhfeidhm .
Luaitear an Ghaeltacht i gcónaí leis na haon ní gaelach - idir cheól , amhránaíocht , cultúir agus teanga labhartha . Ar pháirc na himeartha bhí imreóirí na Gaeltachta lán de dhíocas, de chroí agus le sprid shainiúil na Gaeltachta . Is deas é a fheiscint go bhfuil na tréithe céanna beirthe leó ag imreóirí an lae inniu is a bhíodh le feiscint go rábach in imreóirí na muintire rompu .
Tá ana chreidiúint ag dul don bpainéal imreóirí seo a thaispeáin an mianach a bhí iontu sa tslí inar thángadar thar n-ais ó bhriseadh croí na bliana 2000 chun gach a raibh rompu anuraidh a threascairt . Léiríodar an dínit a bhí iontu sa tslí inar deineadh iomramháil ar na buanna a bhí acu anuraidh . Coicíos taréis dóibh ceann scríbe a shroichint anuraidh thugadar dúshlán curaí craoibhe Chorcaí, Raonaithe Nemo ach chuaigh dóibh an bheart a
dhéanamh an turas sin le aon phointe suarach amháin .
Tá na caighdeáin caide leagtha síos ag an nGaeltacht do chlubanna tuaithe ar fuaid an chontae . Má choimeádann na himreóirí agus a lucht tacaíochta na cosa ar an dtalamh árdófar na caighdeáin sin céim amháin eile .
Micí Ned O Súilleabháin

Litir ón dTaoiseach, Bertie Ahern T.D.
Liam Ó Róchain
Cathaoirleach
Cumann Peile na Gaeltachta
Liam, a chara,
Is cúis mór áthais dom comhgháirdeachas ó chroí a dhéanamh le Cumann Peile na Gaeltachta as ucht a mbua stairiúil sa Chraobh Chomórtas Sínsear Chiarraí le déanaí . Tá éacht déanta agaibh, ag cur san áireamh gur chaill sibh dhá Chluiche Ceannais anuraidh. Gan dabht is féidir le Pobal na Gaeltachta go léir a bheith mórtasach, bróduil as an ngaisce seo.
Ta súil agam go mbeidh an éacht seo mar bhunchloch gur féidir tógaint air go láidir sna blianta ata rómhainn, ionas gur féidir sprid pobail a athnuachan i ngach ngné do shaol agus do chultúr na Gaeltachta. Táim ag teacht go Baile 'n Fheirtearaigh ó toghadh mé go Dáil Éireann sa bhliain 1977 - agus tá dul chun cinn an Chumainn Peile feicithe go soiléir agam ó shoin - go h-áirithe ó bhuaidh sibh an Craobh Idirmheánach cúpla bliain gairid ó shoin. Bhíos lán chinnte go raibh an chine ceart tógtha agaibh pairt a ghlacadh sa Chraobh Sinsear mar fhoireann aonair. Tá aisling iontach sroiste agaibh go tapaidh - a bhuíochas do choiste an chumainn, an coiste bainsitíochta, na traenálaithe, na roghnóiri, an lucht leanúna, ach, thar aon ní eile, an fhoireann imreoirí iontacha - foireann do'n scoth gan dabht. Nil aon amhras orm ach gur i dtreise a bheidh an Cumann agus an fhoireann ag dul agus gur mó buaic-phoinntí agus Craoibh a bhainfidh siad amach fós - ta'n óige láidir agus lán do fhéin-mhuinín agus do mhisneach.
An bhliain seo chugainn, beidh cúig mbliana fichead ann ó thánaigh mé go Baile an Fheirtearaigh ar dtúis agus caithfidh me a rá go mbraithim ar mo shocracht ann i gcónaí. Cuireann muintir Chiarrai Thiar fáilte chaoin rómham i gcónai - ní h-aon iontas go bhfuil tionscal na tuirasóireachta fé bhláth ann le tuiscint agus meon na ndaoine i leith lucht saoire. Chuir mo shean-chara, Tom Crowley, in iúil dom na spriocanna atá curtha agaibh ós bhur gcómhair i bhforbairt seomraí feistis agus páirc peile Ghallarais. Is iontach an rad é dul chun cinn mar seo a fheiscint i gCumann peile tuaithe - tá tábhacht ar leith ag baint leis an bhforbairt seo chun tógaint ar an mhór-éacht agus an mhór obair atá déanta agaibh - tá áiseanna do'n scoth tuillte ag na h-imreoirí, na traenalaithe agus pobal na Gaeltachta ar fad. Lean leis an ndea-obair !
Is pleisiúr ceart bualadh le h-imreoirí 'Contae' an chumainn - ambasadóirí iontach iad do'n gcumann
Tá éacht déanta ag an mBainisteoir, Séamus Mac Gearailt, ag na roghnóiri agus ag na treanálaithe. Tá aitheantas ar leith tuillte agatsa, Liam, ní amháin mar Cathaoirleach ach an méid oibre atá déanta agat le fóirne fé aois - tá toradh na h-oibre seo le feiscint go soiléir ar pháirc na h-imeartha inniu. Traoslaím leat ó chroí, a Liam
Ní cheart dearmad a dhéanamh ar na coistí, na traenálaithe agus na roghnóiri a d'oibrigh go dian, dicheallach le blianta fada ó bunaíodh an cumann ar dtúis - 'De reir a cheile a tógtar na caisleain'
Seo libh an Ghaeltacht ! - go mbeidh glaine in bhúr gcroithe, neart in bhúr ngéaga agus go ndéanfaidh sibh beart de réir bhúr mbriathair !
Bertie Ahern TD

An tAth. Tomás O hIcheadha
Sagart Paróiste
Tá fíor-áthas orm an chaoi a bheith agam chun cabhrú leis an leabhrán cuimhneacháin agus ceiliúrtha seo. Tréaslaím do gach éinne. Tréaslaím do gach éinne go raibh baint acu leis. Agus tá gliondar thar barr orm bheith in ann a rá chó bródúil is atáim as an ghaisce is an ghlóir a bhain fir óga an limistéir seo amach – bród atá ar gach mac máthar is iníon sa Ghaeltacht seo againne. Maith mar a dheineabhair !
Tosnaíonn sé ins na scoileanna – ná deineann ? Sea, níl son tslí go bhféadfá foireann mhaith shínsireach a bheith agat gan múinteoirí sa dúthaigh atá toilteannach, díograiseach agus ábalta. Tá a leithéid seo againn, D.G., ins na scoileanna go léir - idir bun-scoileanna agus I mean-scoileanna an Daingean chó maith. Ní bheidh goimh ar éinne má luaitear duine áirithe amháin, ceann-ródaí atá tar éis an oireadh san saothair agus dúthrachta a chur isteach sa ghnó agus, le ‘na chois sin, an oiread san féin-mheasa ina chúram aige. – N’fheadar arbh’thios don Athair Ó Ciosáin, méadú ar a ghlóir – an áis agus an soileas a bhí á bhronnadh aige ar an C.L.G nuair a roghnaigh sé Liam Ó Rócháin mar oide I Scoil an Fheirtéaraigh, bail ó Dhia ar an bhfear ? Tá a shaol fásta in a iomlán, geall leis, tughta aige don gcaid. Dá chomhartha san, tá an rian air agus na torthaí ann …………….
Ach, seachas Liam agus na himreoirí iontacha féin, tá a lán lán daoine, cuid acu ná bíonn I súilibh an phobail in aon chor, ag obair go dian ‘laistiar des na radharcanna’. Gan iad, ní bheadh aon dea-thorthaí
Ó Shéamus fár-fhear Mac Gearailt féin, anuas go dtí an fear a sháitheann na fleaigeanna sa bhfód. Ins gach grad. Agus an lucht leanúna dílis. Cuímhnímís othru ar fad.
Is fear C.L.G. mé féin, agus m’athair romham. (agus an phribhléid againn beirt imirt sa Cheann – Cheathrúin, Croker, tráth) Fanaim mar sin, in ainneoin spadhar ait I Leith Celtic Glascú !
Go leana Cumann Caide na Gaeltachta fé bhláth, fé mhaise is fé rath, ag tuírt an oiread san pléisiúra, is sonais, is sástachta is mórtais don oiread san daoine !
Ainmniónn an leabhrán seo na beartanna is déanaí gaile is gaisce acu. Táimíd go léir chó-buíoch san dóibh.
Gura maith agaibh, a fheara, (agus a chailíní !) . Is, arís, cómhgháirdeachas !
Is féidir libh bheith cinnte fém’ thacaíochta-sa féin I gcónaí is choíche. Ná spáráil mé !
En Avant !
Tomás Ó hIcheadha

Foireann na Réalt
Breandán Mac Gearailt
1 A Ghearaltaigh réidh, is mór é do léamh,
Óir d'oilis le spéis, foireann cheart Ghael.
I dtaca leat féin, bhf Feargal geal glé,
'S chuireabhair séan ar Fhoireann na Réalt.
2 Tá gáirdeas ar Mhícheál, an captaéin lán tréan,
Gan bhróg ar straé, is a dheartháir* dá réir;
A chosaint go géar 'on Ruiséalach na ghéill,
Báideoir gan léan, a thuill moladh thar céad.
3 Go hard in san aér sea ghaibh Daragh Ó Sé,
Is le Marc na ndea fhéith is Tomás mear chéim
Chuir scaipe mo léir, ar gheal phearsain thréan'
Le gníomhartha mór-laoch, do Fhoireann na Réalt.
4 B'e Tommíf gan bhréag, sás slad scrios is sleacht'
Is Mhícheál mear Sé, a léirigh a bhraon.
Idir dheas agus chlé fagadh feara gan déith
Beirt eile nár chlaon, ar Fhoireann na Réalt.
5 Aodán an fear séimh a gluais mar philéar,
Is d'fhag ina dheidh feara chrua in aimhré.
Scior Riobeárd gan mhéar thar ghaiscígh na mbéim,
Is adhnadh spré do Fhoireann na Réalt.
6 A Chathail na sár ghéag nách úo a dhein éacht.
Is Caoimhín an laoch a léirigh a chéill.
Is ní scéigh ar a dtéamh, idir mhín agus réidh,
Ba mhaith iad an déis ar Fhoireann na Réalt.
7 Cinnéideach na ndea-thréith an amuis cháidh chaomh;
JJ 's é féin a thug díograis i ngach géimh.
Níorbh nath acu béim, ná farrairí tréan',
Le díograis lán ghéar, do Fhoireann na Réalt.
8 Níor ghaisce go é, an Sítheach sár mhéin;
A éirigh san aer, mar éan fiolair na raon.
Mar fhear as an bhFéinn, bhí Cuinneach na léim,
B'shin faobhar gan bhaol, do Fhoireann na Réalt.
9 Mór ghradam is cathréim, fuair Conall ghlan ghné:
Árd mholadh gan léith, thuill Ronan sárthréadh.
Siad cumann gach bé ár n-óg-fheara shéimh,
Is ní ionadh an scéal, bua Fhoireann na Réalt.
10 Do fhuil na sár Ghael a thug leo an chraobh.
Dar bhfeara a léirigh a lúith is a reim.
A thug leo an scué a mhairfhidh thar ré,
Is tráchtfar go héag, ar Fhoireann na Réalt

Buaidhteoirí Craobh Chiarraí
An raibh tú i gCill Áirne an an nDomhnach úd sa bhFoghmhar,
An ghrian ag spalpadh go fonnmhar, scapuighthe bhí an cheo,
Is ann i bPairc an Ghearlataigh bhí gliondar inar gcroí,
Le foireann caide na Gaeltachta o Buadhteoirtí Chraobh Chiarraí.
In iarthar Dhuibhne fáisceadh iad na laochra láidre cródh'
Ár dteanga féin á labhairt acu, mo graidhn gach fear go deo,
d'á fheabhas iad na Stacaigh bhí a gcás ó thús, gan chaoí,
I gcoinne fir na Gaeltachta - Buadhteoirí Chraobh Chiarraí.
Go faireach Pól Ruiséal sa chúl Mac Síthigh mar fear cad é
Sár fhear Rónán, ó Thírabhán, Tomás is Marc O Sé,
Captaen Conchúir, Caoimhín Breathnach's ó Cheann Trá Pól O Cuinn,
Siad a throid go dial, is thug go fial - Buadhteoirí Chraobh Chiarraí.
Na Gearaltaigh ins na tosaighthe, Roibeárd is ár laoch Aodán,
O Dúbhda, Conall O Cruadhlaoich agus J.J. thug sinn slán,
Is Dara deas O Cinnéide a chos go beacht go cruinn
Fáonóir ar fhir na Gaeltachta - Buadhteoirí Chraobh Chiarraí.
Is fiú bhéarsa iomlán, d'aon fhear amháin, a d'eitil ón Astráil
Dob' é laoch an lae, b'shin Dara O Sé, a ghreim is a pheil gan cháim,
Ní raibh sárú ar a shaothar an chaid 'na sheilbh de shíor,
Nár lagaidh Dia a lámh go deo ná - Buadhteoirí Chraobh Chiarraí
Ba fir ionaid 's na roghnóirí, ár mbuíochas díobh go léir
Do Shéamus 'Brúiser' Mac Gearailt a stiúr le spiorad is le faor,
Seán Begley agus Feargal, tréineálaighthe dílis bhí
Go bhfághdaigh Dia na sláinte acu is Buadhteoirí Chraobh Chiarraí
O Ard a Bhóthair 'dti na Gorta Dubha ón gCuas go Comínól,
Na tinte cnámha go buacach, céiliúradh faoi lán tseoil,
An beor 's an leann go fluairseach ann 'sna tabhairní sa Bhuailtín,
Slán beo le fir na Gaeltachta - Buadhteoirí Chraobh Chiarraí.
Garry Mc Mahon a scríobh (29/10/01)

Tráthnóna 28ú Deire Fomhair 2001 -
Radio na Gaeltachta
Tá seandaoine in Iarthar Dhuibhneach ag silleadh deora áthais an trathnóna seo.
Is chuige seo a "thógáil" glúin i ndiaidh glúin acu cois claí sa gheimhreadh i nGort Jamesy, i Ríneach, i Móinteán Bhaile Ícín, i nDrom Chloichir, i gCeann Trá agus ar Dhuimche Ghallaruis. Is chuige seo a bailíotaí airgead an Dreoilín agus airgead na nubh chun liathróidí caide a cheannach. Is chuige seo a cuirtí suas báidí le cuailí maidí rámha agus líonta iascaigh. Is chuige seo a téití ar na rothair deich mhíle fhichead ó bhaile agus níos sia chun cluichí a imirt, iad ag taibhreamh ar an la mór go mbuafadh an Ghaeltacht ar Strand Road, ar an mBothar Buí nó ar an "Rock" mar a deineadh inniu ar deireadh thiar.
Tá bród thar cuimse an tráthnóna seo imeasc clann na sean mhuintire, go háirithe ar an gCoimín, i mBaile an Chnocáin, Baile Eaglaise, Ard a'Bhóthair, Baile na bhFionnúrach, Tíorabháin, Ceann Trá, Baile an Éanaigh, Móintín na Carraige, Baile na hAbha na Cúlach, Cnoc a' Bhróigín, Árd a'Bhrianaigh agus na Gorta Dubha. Tá an bród seo ar gach mac máthar a chuir iall i mbróig caide riamh, ó Scunna Mhacha Chomáin ar thaobh Shliabh an Fhiolair soir go dti na Bristí Brúnacha ar chliathán Chnoc
Bhréanainn.
Ólfar deoch anocht ag guí sláinte Shéamuisín Jim agus a chuid fear. Agus ní gá dhomsa a rá ná go n-ólfar sláinte Liam Ó Rócháin, an té a sheas leis na himreoirí seo agus a chreid ionnta, idir shoineann agus doineann ón gcéad lá riamh a seoladh chuige iad mar imreoirí faoi-12 ar Ghort Ghallaruis.
Agus focal ó Pháidi O Sé tráthnona. Don gcéad uair riamh tá sé fágtha ina staic gan focal ach is doigh liom go bhfeaca deoirín beag áthais ag silleadh óna ghrua.
Seán Ó Cíobháin
Craolacháin stairiúil tráthnóna an lá mór ó Radio na Gaeltachta

Tháinigh Ár Lá
Fáiltím ó chroí roimh foilsiú an leabhráin seo. Deinim comhghairdeachais leis na daoine go léir a thug an obair chun críche.
Ar ndóigh bhí sár pheileadóirí riamh sa Ghaeltacht agus mianach iontu Craobh Chiarraí a bhuachtaint ach ní raibh an seans leo agus níor tháinigh ár lá go Fómhar na bliana 2001.
Cuireadh an síol don ré ghlórmhar seo i dtosach na n-ochtóidí nuair a ceannaíodh an gort agus tá buíochas ag dul dóibh siúd go léir a bhí páirteach san fhorbairt ag cur an ghoirt in oiriúint, ag treabadh is ag leibhéalú, ag tógáil seomraí, seastáin agus rl. Buíochas do oifigí uile an choiste thar na blianta, le traenálaithe agus roghnoirí an Chumainn sinsir agus Bhord na nÓg agus lenár n-urraithe fial. Ní bheadh an fómhar seo le baint gan na fir agus mná go léir a chabhraigh. Ár lucht tacaíochta dílis, agus na himreoirí go léir a thraenáil go dian díograiseach thar na bhianta sin go mba fada buan sibh! Is sibhse go léir an meitheal oibre a sheol Corn an Easpaig Uí Mhuineacháin siar thar Dhroichead Bhaile ’n Mhuillinn chugainn tráthnóna aoibhinn Fómhair na bliana 2001.
Go mbeirimíd beo ar an am seo arís ---- ’Na thosach atáimíd’
Focal ón gCathaoirleach Liam Ó Rócháin