Nuair a labhartar mar gheall ar chaid i bParóiste Fionntrá agus luaitear na dathadaí is é Batt O Gairbhia is túisce a thagann chun cuimhne.
Ba é Batt a thug an chéad bonn uile Eirinn sinsir go dtí an paróiste nuair a bhí sé ar fhoireann buacach Chiarraí i 1946.
D'imir sé 20 cluiche craoibhe le Ciarraí,an chéad uair i 1945 i gcoinne Luimní,ag imirt leath-thosaí ar chlé agus scóráil sé poinnte,cluiche a bhuaigh Ciarraí 5-8 le 2-7.I gcluiche ceannais na Mumhan scóráil sé poinnte arís nuair a bhuaigh Corcaigh orthu 1-11 le 1-6. Tagaimid ar aghaidh ansin go 1946 nuair a bhí sé ins na tosaithe nuair a bhuaigh Ciarraí ar Chorcaigh agus An Clár ach is na leath- cúil a bhí sé nuair a bhuaigh Ciarraí ar Phort Láirge 2-15 le 2-1 i gcluiche ceannais na Mumhan.Sa chluiche leath-cheannais i 1946 bhí sé ar ais sna leath-tosaithe agus scóráil i gcoinne Aontroma. I gcoinne Roscomáin a bhí Ciarraí sa chluiche ceannais agus tar éis dóibh críochnú cothrom an chéad lá mar ar scóráil Batt poinnte bhuadar an ath-imirt 2-8 le 0-10 agus arís bhí sé i measc na scórálaithe le dhá phoinnte.Ní imiríodh an cluiche ceannais i 1946 go dtí mí Deire Fómhair toisc an droch shamhradh agus seans a thabhairt d'fheirmeoirí an fómhar a bhaint. Rud suimiúil mar gheall ar 1946 ná gur bhuaigh dreatháir Batt, Mackey bonn le mionúirí Chiarraí an bhliain céanna chomh maith le óganach eile on bparóiste Jimí O Fiannachta ó Bhaile Móir.
Lean Batt ar aghaidh le Ciarraí i 1947 mar ar bhuadar craobh na Mumhan agus sa dhá cluiche scóráil 2-1. Bhuaigh siad ar an Mhí sa chluiche leath-cheannais áit a scóráil strí phoinnte. Tugann san sinn go dtí an cluiche stairiúil sna Polo Grounds i Nua Eabhrach. Socraíodh cluiche ceannais na h-Eireann a imirt i Nua Eabhrach chun comóradh a dhéanamh ar an nGorta Mór, céad bliain roimis sin.Cé gur scóráil Batt cúl agus an t-Iar polaiteoir agus Tánaiste John Wilson á mharcáil is ag An Cabhán a bhí an bua 2-11 le 2-7. I 1948 d'imir Batt an trí chluiche craoibhe a bhí ag Ciarraí i gcoinne An Clár,Corcaigh agus Maigheo a bhuaigh orthu sa chluiche leath-cheannais. Cluiche amháin craoibhe a bhí ag Ciarraí i 1949 nuair a bhuaigh An Clár orthu.I 1950 agus a luas ag tráth is istigh sa líne lán-tosach ar chlé ar dtús i gcoinne An Clár agus ansin Corcaigh nuair a bhuadar 2-5 le 1-5.D'imir Batt a chluiche deiridh craoibhe i gcoinne An Lú ar an 20ú Lúnasa 1950,scóráil sé ceithre phoinnte ach bhuaigh Lú 1-7 le 0-8.San iomlán scóráil sé 6-22 i gcluichí craoibhe agus 3-9 i gcluichí sraithemar a imir sé seacht n-uaire. Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann Chúige Mumhan a bhuaigh Corn a Bhóthar Iarainn i 1949 agus i lár páirce le Tomás Thaidhg O Flatharta ar fhoireann An Daingin a bhuaigh craobh an chontae i 1943.
Scéal suimiúil faoi Batt as eachtra a thárla ag tús an cluiche leath-cheannais i gcoinne Lú i1950.An uair úd bhailíodh na h-imireoirí lár -páirce agos tosaithe i lár an ghoirt don gcaitheamh isteach ag tús an chluiche a dheintí den chléir. An lá áirithe seo ba é an Monsignor Micheál O Coileáin a bhí sa bhaile ar Mheiriceá a bhí chun an job seo a dhéanamh. Bhí an Monsignor ag fanacht lena dheirfiúr agus ba í sin an landlady a bhí ag Batt ag an am. Thug sí orduithe cruinn dó nuair a bheadh sé ag caitheamh isteach na liathróide déanamh cinnte é a chaitheamh i dtreo Batt, deineadh amhlaidh, rug Batt ar an liathróid agus scóráil sé an poinnte is tapúla craoibhe riamh. Má tá gradam áirithe ag Gary Mac Mathúna tá a ghradam fhéin ag Batt.
Múinteoir bun-scoile ab ea Bartley mar a thugtaí air i bParóiste Fionntrá,bhísé ina phríomh-oide i Scoil Naomh Iosef i dTír an Iúir san ard-chathair agus d'imir sé leis Na Geraldines.Phós sé duine de mhuintir Uí Chonchúir ó Mhám Na Gaoithe agus bhí triúr mhuirir orthu. Bhí tigh samhraidh aige i mBaile An Chóta agus thagadh ann gach samhradh agus léiríodh sé spéis in aon imireoirí óga ón bparóiste a bhí ag teacht chun cinn, go mór leaid óg amháin a bhí tamaillín soir an bóthar uaidh. D'imigh sé uainn ar shlí na fírinne i mí na Nollag 2002 agus tá sé curtha i reilig Bóthar na Breena.
Is fada a bheidh a chuimhne agus trácht air i measc lucht na caide pé áit ina mbíonn siad bailithe ach go h-áirithe i bparóiste Fionntrá,paróiste na gréine i mBaile an Chóta mar ar fhás sé suas le h-ais abhainn an Tóchair a shníonn síos go Cuan Fionntrá ag gabháil taobh le Ard a' Bhóthair baile eile cáiliúil ó thaobh na peile de. Dar ndóigh ní féidir na dathadaí i bParóiste Fionntrá a fhágaint gan trácht ar Joe Shiobhán Mac Gearailt a bhí ina chaptaen ar Ath Cliath nuair a bhuadar craobh na h-Eireann i 1942. Cé gur ó pharóiste na Cille Joe chuir sé faoi i gCathair Bó Sine in oirthear an pharóiste. Beannacht Dé leo go léir. Up Kerry.
Micheál Ó Murchú (Mick Murphy)
B’iad na h-imireoirí mór le rá sna 50aí ó thaobh paróiste Fionntrá de ná Micheál O Murchú [Mick Murphy] agus Tomás O Lúing [Tom Long]. Saolaíodh Mick the Master mar a thugaimís air i gCaisleán Rath Fhionáin. D’fhreastail sé ar Scoil Cheanntrá, ar Choláiste Ullmhúchán Baile Bhúirne agus Coláiste Phádraig Dromconnrach mar ar oileadh é mar múinteoir bunscoile.Mhúin sé i Scoil na mBráthar, Sráid Shéamais i mBaile Atha Cliath, Scoil Náisiúnta Buachaillí, Sráid na Trá i dTrálí, bhí sé mar phríomhoide ar Scoil Chaitlín Naofa, Cillmhicadomhnaigh agus ag críochnú suas mar phríomhoide ar Scoil Cheanntrá. Phós sé Caitlín Ní Shé ón gClochán i gCeanntrá agus bhí seisear mhuirir orthu. D’imir sé naoi gcluiche craoibhe le Ciarraí ó 1955 go 1958 agus scóráil sé 3-4 iad ar fad sa bhliain iomráiteach 1955 nuair a bhí an bua ag Ciarraí gan coinne ar Ath Cliath sa chluiche ceannais tar éis dóibh buachtaint ar Phort Láirge, Corcaigh agus An Cabhán tar éis ath-imirt mar ar scóráil Mick báide an chéad lá agus dhá bháide san ath-imirt. Is mar lán-thosaí is coitianta a bhíodh sé ag imirt. Bhí droch sheans leis nár bhuaigh sé bonn sinsir i 1953, bhí sé sna h-ionadaithe ach an uair úd ní bhronnfaí ach dhá bhonn is fiche ar an bpainéal ach bhí ag uimhir a 23. D’imir sé 22 cluiche sraithe ag scóráil 7-14 agus le Cúige Mumhan i gCorn an Bhóthar Iarainn i 1956, 1957 agus 1958 ag sroisint an cluiche ceannais gach bliain acu tráth ar chuaigh Cúige Mumhan go 6 final I ndiaidh a chéile ach nár éirigh leo aon cheann a bhuachtaint.Bhí dílseacht faoi leith aige do Chúige Mumhan agus ba é geansaí gorm Chúige Mumhan le uimhir 14 greannta ar a dhrom a chaitheadh sé agus é ag imirt le Céirín O Rathaille. D’imir Mick le paróiste Fionntrá sna comórtaisí áitiúla, le Na Geraldines agus Clanna Gael i mBaile Atha Cliath.Níos déanaí d’imir sé le Céirín O Rathaille i dTrálí ag buachtaint craobh an chontae leo I 1957 agus dá bhárr san roghnaíodh é mar chaptaen ar Chiarraí i 1958.Níos déanaí d’imir sé leis An Ghaeltacht agus Ciarraí Thiar.Tríd is tríd is d’imir sé I dtrí cluiche ceannais Chiarraí, 3 cinn leis Na Narries agus ceann leis An Daingean i 1951 mar ar bhuaigh cumann Dick Fitzgeralds ó Chill Airne orthu. Roghnaíodh é ar fhoireann na h-Eireann i 1956 nuair a bhuadar ar rogha na n-Ollscoileanna 2-14 le 3-10. Deirtear go raibh béim mhór sna caogadaí ar neart agus crógacht agus tá sé ráite go raibh an dá bhua san ag fear Rath Fhionáin. Is mó insint ar na coimhlintí iontacha a bhí aige le “Gunner” Brady ó Chabhán, Hugh Francis McGribben ó Dhoire, Jack Lavin ó Bhleá Cliath agus Paddy Driscoll ó Chorcaigh. Nuair a d’éirigh Mick as an pheil thosnaigh sé ag traenáil cuite agus is mó rás a bhuaigh a mhadraí leis an sloinne Fionntrá. Ba mhinic é d’fheiscint ag siúl soir i dtreo Faill Na Mná lena mhadraí. Bhí sé páirteach i roinnt gluaiseachtaí áitiúla cosúil le bunú Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne, Coláistí Gaeilge agus eile. Cailleadh Mick Murphy i 2009 agus tá sé curtha i reilig Chaitlíona sa pharóiste thíos cois na trá. Solas na bhflaitheas dó. Tógadh an pictiúir seo de Mhicheál O Murchú agus é ag pógadh fainne an easpaig De Luasa roimh cluiche ceannais na Mumhan I 1958. Is cinnte go bhfuil athrú tagaithe ar nósanna.
Tomás O Lúing [Tom Long] Is dócha gurbh é an chéad uair a tógadh ceann de Tom Long mar imireoir caide thar an gnáth ná i mí Aibreán 1954 nuair a dh’imir sé sár chluiche do Fionntrá I gcoinne na Gaeltachta i Sraith Chiarraí Thiar nuair a bhuaigh An Ghaeltacht le 4-4 Igcoinne 1-8. B’shin an uair nuair nách raibh paróiste Fionntrá mar chuid de Chumann Caide Na Gaeltachta rud a dh’athraigh I 1957. I 1954 roghnaíodh Tom ar fhoireann mionúirí Chiarraí I lár páirce agus shroiseadar craobh na h-Eireann mar ar bhuaigh Ath Cliath orthu 3-8 le 1- 8. Bhí ceathrar ó Chiarraí Thiar ar an bhfoireann san. In éineacht le Tom bhí Páidí O Sé ó Ard Na Caithne,Tadhg O Gairbhia ó Bhaile a’ Chnocáin agus Frank O Leary ón nDaingean. D’imir Tom a chéad cluiche craoibhe sinsir le Ciarraí I mí Meitheamh 1956 nuair a bhí sé ar an dathad slat I gcoinne Thiobraid Arann ach ins na leath cúil a bhí sé nuair a bhuaigh Corcaigh orthu tar éis ath-imirt.
I lár páirce I dteannta Mick O Connell a bhí sé sa chluiche staitiúil i 1957 nuair a bhuaigh Port Láirge ar Chiarraí 2-5 le 0-10. Níor imir sé I gCraobh Na Mumhan i 1958 ach bhí sé mar leath-thosaí lár sa chluiche leath-cheannais nuair Doire orthu. Ba sa bhliain 1959 a bhuaigh Tom a chéad bonn sinsir uile Eirinn nuair a bhí sé ar an dathad slat nuair a bhuaigh Ciarraí ar dtúis ar Thiobraid Arann, ansin ar Chorcaigh, ar Ath Cliath sa chluiche leath- cheannais agus ar An Ghaillimh sa final. D’imir sé ceithre chluiche craoibhe I 1960 ag sroisint craobh nah Eireann nuair a bhuaigh An Dún ócáid stairiúil toisc gurbh iad An Dún a chéad contae a thug corn Sam Maguidhir thar na sé contaetha.Bhí an dála céanna ag Ciarraí I 1961 mar arís bhuaigh An Dún orthu an turas seo sa chluiche leath-cheannais. Bhí Tom Long aistrithe isteach go lán-tosach I 1962 nuair a bhuaigh Ciarraí ar Phort Láirge, Corcaigh, Ath Cliath agus Roscomáin chun an fichiú uile Eirinn a bhuachtaint.
I 1963 d’imir sé trí chluiche craoibhe nuair a bhuaigh An Ghaillimh orthu sa chluiche leath- cheannais. Ba é 1964 an bhliain deireannach ag Tom le Ciarraí, bhuaigh An Ghaillimh orthu arís an turas seo sa final tar éis dó1-2 a scóráil I gcoinne An Cabhán sa semi-final.Tá tábhacht ar leith ag baint leis an gcúl mar ba é an chéad cúl craoibhe a thaispeánadh beo ar Theilifís Na hEireann.
D’eirigh sé as an pheil idir-chontae I 1964 agus gan é ach 28 bliain d’aois.San iomlán d’imir sé 26 cluiche craoibhe le Ciarraí ag scóráil 5-22 agus 43 cluiche sraithe ag scóráil 11-30, ag buachtaint 2 bhonn uile Eirinn,5bhonn cúige agus trí bhonn sraithe.
D’imir sé le Cúige Mumhan don gcéad uair I 1957 agus bhí sé go rialta ar fhoireann an chúige ina dhiaidh san cé nár éirigh leis aon bhonn a bhuachtaint leo. Roghnaíodh é ar fhoireann na hEireann I gcóir cluiche I gcoinne rogha na n-Ollscoileanna I 1960. Mar a luadh thuas d’imir sé lena pharóiste dúchais Fionntrá mar ar saolaíodh é I gCill Na gColmán.De mhuintir Shé ó Chathair a’Treanntaigh abea a mháthair a fhág go raibh gaol gairid ag dream na caide in Ard a’Bhóthair leis.Ina theannta ar fhoireann an pharóiste bhí a dhreatháir Seán,”Coco” mar a thugtaí air agus tá sé ráite go raibh sé gach pioc chomh maith le Tom mar imireoir caide ach d’éirigh as luath.
D’imir sé leis An Ghaeltacht, Ciarraí Thiar, Crócaigh Chill Airne agus Ciarraí Thoir mar ar bhuaigh sé 4 bhonn craoibhe Chiarraí. D’fhreastail sé ar scoil Cheanntrá, ansan Coláiste Ullmhúchán Baile Bhúirne agus Coláiste Phádraig Dromconnrach. Faid a bhí sé I gColáiste Phádraig d’éirigh le foireann an choláiste Erin’s Hope craobh Ath Cliath a bhuachtaint. Na blianta san bhuaigh Cumann Naomh Uinseann an craobh gach bliain idir 1949-1962 ach amháin 1956 nuair a bhuaigh Erin’s Hope. I lár – páirce a bhí Tom agus ine theannta bhí captain na fóirne Fintan Walsh ó chontae Laoise fear go bhfuil dlúth cheangal aige leis an Ghaeltacht ós rud é gurbh Máire Nic Gearailt ó Mhárthain a bhean céile. Ar an bhfoireann leis bhí Toss Mac Gineá ó Leataoibh agus Tadhg O Gairbhia atá luaite thuas. Bhí Mattie McDonagh an t-aon Gaillimheach go bhfuil 4 bhonn uile Eirinn aige ar an 40 slat. Chaith Tom an chuid is mó dá shaol múinteoireachta I gCill Airne mar a raibh sé ina phríomhoide I bhFossadh. Phós sé Breda ó Chontae Mhaigheo agus bhí seisear clainne acu. D’fhill sé ar a cheanntar dúchais I 2003 ó thaobh na caide de nuair sé ina roghnóir ar fhoireann na Gaeltachta nuair a bhuadar craobh Chiarraí agus bhí sé ar an dtaobh line an lá tubaisteach san I gcoinne Cealtrach. Is brae le Tom filleadh ar a pharóiste dúchais go mórmhór Lá Chaitlíona, turas na reilige a thabhairt, cúpla a dhiúgadh I dtigh Phio nó I dtigh a’ Chuinnigh agus bualadh le muintir na h-áite. Gura fada buan é.
Páidí Ó Sé Peil I bParóiste Fionntrá sna 70aí. Ba sna 70aí I ndairíre a thosnaigh na boinn caide ag teacht go líonmhar go dtí an paróiste. Ce gur mó bonn a bhuaigh Páidí O Sé lena chontae níor éirigh leis aon bhonn a bhuachtaint leis na mionúirí, thug sé trí mbliana leo—1971,1972 agus 1973- bhí Corcaigh an-láidir sna mionúirí ag an am. Sa bhliain 1973 bhuaigh Ciarraí craobh fé 21 na hEireann agus ar an bhfoireann bhí Seán O Lúing ó Fán I lár páirce agus Paidí sna leath- thosaithe ar chlé. Bhuadar ar Chorcaigh I gCraobh Na Mumhan 2-12 le 1-12, ar Uí bhFáile sa chluiche leath-cheannais agus ar Mhaigheo sa final 2-13 le 0-13. Ansin sa bhliain 1974 bhí an bheirt céanna ar fhoireann sinsir Chiarraí nuair a bhuaigh Corcaigh curai na hEireann ag an am I gcluiche ceannais na Mumhan I gCill Airne 1-11 le 0-7, Seainín I lár an ghoirt agus Páidí in uimhir a 5
B’shin an lá go raibh breis is 49,000 duine bailithe isteach I Stáid an Ghearaltaigh ar fliuch, gruama 14ú Iúil agus gur imir Mick O Connell a chluiche deireannach le Ciarraí nuair a tháinig sé isteach mar ionadaí.Scórail O Lúing poinnte ó lár-páirce I gcluiche leath-cheannais na Mumhan an bhliain sin. Níos luaithe an bhliain sin bhí an bheirt acu tar éis an Sraith Náisiúnta a bhuachtaint le Ciarraí nuair a bhuadar ar Roscomáin tar éis ath-imirt.
Raghaimid ar aghaidh ansin go dtí 1975 nuair a bhuaigh Ciarraí an 23ú Craobh na hEireann.Thosnaíodar amach an bhliain sin I gcoinne Thiobraid Arann mar ar bhuadar 3-13 le 0-9 agus bhuadar ar Chorcaigh I gCraobh na Mumhan 1-14 le 0-7. B’shin an lá ar thug Páidí an “left hook” do Dinny Allen agus gur shleamhnaigh an ref. Bhuadar go bog ar Shligeach sa chluiche leath-chheannais agus bhí bua iontach acu sa final I gcoinne Ath Cliath 2-12 le 0-11 Lá d'ár saol a bhí ann do mhuintir Chiarraí agus go mórmhór muintir paróiste Fionntrá, beirt dár gcáirde comhaimseartha agus All-Ireland buaite acu I bPáirc a’Chrócaigh.Chuimhníomar siar ar na babhtaí iontach imeartha a bhíodh againn ar “Dhaoi an Imiligh” ar thrónantaí brae samhraidh.
Bhí an bheirt céanna gaiscíoch ann arís le Ciarraí I 1976 agus tar éis Craobh na Mumhan a bhuachtaint tar éis ath-imirt bhuaigh na Dubs orainn sa final 3-8 le 0-10. Sa bhliain 1977 don gcéad babhta I gcoinne Thiobraid Arann bhí Páidí aistrithe amach go lár-páirce le Jacko agus is ann a d’fhan sé don chuid eile agus bhí Seán O Lúing ar an dathad slat.Bhuadar go bog ar Chorcaigh sa Munster Final sa chluiche leath-cheannais bhí an bua arís ag Ath Cliath 3-12 le 1-13 tar sár chluiche caide.
Lá iontach eile dúinn ná 24ú Meán Fómhair 1978 nuair a dhein Ciarraí scrios ar na Dubs sa chluiche ceannais 5-11 le 0-9 agus Páidí aistrithe ar ais go uimhir 5 agus é ag buachtaint an dara bonn sinsir. Tar éis an “Milltown Massacre” I 1979 bhí buanna bog ag Ciarraí,ag sroisint an cluiche ceannais agus Ath Cliath rompu arís.Bhí bua mór acu agus cuimhneofar ar an “piggy back” a fuair Páidí ó Anton O Toole sa dara leath a thuill “marching orders” do Phaidí ón reiteoir. Má tá caid á imirt ar neamh is cinnte go mbeadh coimhlint dian Pio agus an Blue Panther.
Ins na blianta 1975 agus 1976 bhuaigh Páidí dhá bhonn eile fé21 le Ciarraí chomh maith dhá bhonn Corn An Bhothar Iarainn le Cúige Mumhan 1976 agus 1978. Bhí tuilleadh le buachtaint fós. D’éirigh Seáinín Long mar a thugaimís air nó John Long mar a thugadh dreamanna eile air as an pheil idir-chontae I 1977 ach lean leis an nGaeltacht, Na hAghasaigh agus Ciarraí Thiar chomh maith le Cumann Peile Civil Service I mBaile Atha Cliath mar ar bhuaigh sé bonn craoibhe Ath Cliath sa bhliain 1980. D’imir sé 3 chluiche sinsir sinsir le Ciarraí ag buachtaint bonn uile Eirinn I 1975,bonn fé 21,d’imir 5 chluiche craoibhe mionúir agus 19 gcluiche sraithe chomh maith le buachtaint Craobh na gColáistí le Coláiste Bréanainn I 1969.Scóráil sé poinnte craoibhe ,sé phoinnte sraithe agus cúl agus 9 bpoinnte leis na mionúir. Déanfar cur síos ar a éachtaí leis an gclub agus eile amach anseo.
Ag fanacht leis na 70aí I mí Aibreán 1973 I rith saoire na Cásca thug Cumann Caide na Gaeltachta aghaidh ar Londain.Bhí ladhar ó pharóiste Fionntrá leo agus is iad a bhain sult agus craic as an turas ó d’fhág an bád “An Inishfallen” Corcaigh Aoine an Chéasta gur fhilleadar an Mháirt ina dhiaidh.Bhí grúpa ceoil, roinnt imireoirí ó C.L.G. Gleann Fleisce chomh maith le grúpa ón gclár telefíse “Tangents”a dhein taifeadadh ar an dturas Imiríodh cluiche ar an nDomhnach I gcoinne Londain I Elthem. Bhí oicheanta go maidin in áiteanna cosúil le “The Crown”, “The Spotted Dog” agus “The Galtymore”, ag bualadh le muintir na h-áite thall agus cad é cuileachta. Beidh cuimhní cinn ar an dturas san go deo na ndeor.
I rith na mblianta san ba é Tommy O Grifín ó Chathair Boilg a bhí I gceannas ar an gcumann.Chaith sé blianta fada ag saothrú go dúthrachtach agus go díograiseach ar na caide sa Ghaeltacht. Níl aon cur síos ná insint béil ar na curaimí difriúla a bhí aige sa chlub ó roghnóir go cisteoir agus ó chathaoirleach go fear nite na ngeansaithe. Beannacht Dé leis.
Peil i bParóiste Fionntrá sna 60aí
le Seán Ó Catháin
Cé gur bhuaigh Ciarraí Craobh Sinsir Peile na h-Éireann I 1969 agus 1970 ní raibh éinne ó pharóiste Fionntrá ar an bhfoireann, an chéad uair ó 1941 nach raibh ón bparóiste ar phainéal buacach Chiarraí agus sin rud nár thárla ó shin i leith. Bhí fear amháin ar na fóirne I 1969 agus 1970 nach ón bparóiste é ach atá ina chónaí ann le fada an lá sin Micheál O Sé ó Ard na Caithne a bhí sa leath líne ar chlé agus a phós Jackqueline Ní Chonchúir agus iad ag cur futhú sa Chlochán in oirthear an pharóiste.
Mar sin féin sna seascadaí tháinig boinn uile Éirinn chugainn le Tomás O Sé ó Ard a’Bhóthair sa line cúil ar dheis ar fhoireann mionúirí Chiarraí i 1963 nuair a bhuadar ar an Iarmhí 1-10 le 0-2 sa final. Ansan bhí Seán O Lúing ó Fán i lár páirce ar fhoireann Choláiste Bhréanainn, Cill Áirne a bhuaigh Craobh na gColáistí i 1969 nuair a bhuadar ar Choláiste Mhuire, Gaillimh 1- 13 le 3-3. Bhí Seán leis ar fhoireann mionúirí Chiarraí i 1970 nuair a chailleadar cluiche ceannais na mionúirí i gcoinne na Gaillimhe tar éis ath-imirt 1-11 le 1-10.Sa bhliain 1967 shroich sinsir Chiarraí Thiar cluiche ceannais craobh Chiarraí agus i measc na gcúlaithe bhí Tom agus Micheál Ó Sé ó Ard a’Bhóthair,Tony Ó Sé agus Sally Ó Lúing ó Chathair a’Treanntaigh agus Jack Ó Grifín ó Chathair Boilg i measc na n-ionadaithe. Bhuaigh Ciarraí Láir orthu. Roimis san i 1959 bhuaigh Ciarraí Thiar craobh mionúirí Chiarraí agus bhí Micheál O Sé ó Ard a’Bhóthair ag imirt leo. Leis an imirce i réim sna blianta san bhain beirt ón bparóiste cáil amach ar pháirc na h-imeartha thar lear. Bhuaigh Johnny Ó Fiannachta ó Chill a’Ruith bonn sóisir uile Éirinn amach le Londain agus é ag imirt sa line lán – cúl ar chlé sna blianta 1969 agus 1970 nuair a bhuadar ar Chill Dara agus Cill Mhantáin faoi sheach sna cluichí ceannais. Níos faide ó bhaile I Nua Eabhrach bhí Micheál “Toose” Mac Gearailt ó Bhaile Riabhach ag imirt le Nua Eabhrach nuair a d’imir said sa chluiche ceannais den Sraith Náisiúnta sa bhliain 1969 nuair a bhuaigh Ciarraí orthu 2-24 le 2-23 thar dhá chluiche.
Cé nár cuireadh tús le Comórtas Peile Na Gaeltachta go dtí 1969 imiríodh an chéad cluiche idir-Ghaeltachta sa bhliain 1963. Thug foireann fé 15 na Gaeltachta aghaidh ar an nGaillimh chun páirt a ghlacadh in Aeríocht Na Mórdhála ag deire mí Meitheamh sa bhliain 1963.D’imir said I gcoinne An Cheathrú Rua ar an nDomhnach.Ar phainéal na Gaeltachta ó pharóiste Fionntrá bhí Páidí O Lúing ó Fán, Eoin O Sé Clochán, Tom O Suilleabháin Cathair Ard, Micí O Ciobháin Baile Riabhach,Gearóid O Muircheartaigh Baile a’tSlé agusSeán O Grifín Cathair Boilg. Micheál de Brún Gallarus an captain.B’iad Jim Begley ó Bhaile na nGall agus Caoimhín ó Bhaile an Mhúraigh na bainisteoirí.Faraoir tá roinnt acu seo imithe uainn, trócaire Dé orthu.Bhí aeríocht ar siúl roimis an cluiche.Ar dtúis ardaíodh bratach na hEireann, ansin bratach na gCuigí,bhí aitheasc ó Mhairtín O Cadhain, bhí filíocht, sceitseanna, ceol, amhráin agus rince ag léiriú dúchais Gaeltachta. Sheinn banna ceoil Scoil Cheanntrá roimis an caitheamh isteach. Ba é Tom Long imireoir Chiarraí an réiteoir agus 2 scilling 6 phingin an cead isteach. Dathanna na Gaeltachta ná gorm agus bán ar an lá [conas san] agus bhuadar 3-3 le 0-3.Níor scóráil An Ghaeltacht sa chéad leath agus níor scóráil An Cheathrú Rua sa dara leath. Níos déanaí sa bhliain bhronn Seán O Riada na boinn ar lads na Gaeltachta ag ócáid i Halla na Muirí. Deirtear gur lean scliuchás an cluiche sa Ghaillimh ach níl aon chinntíocht faoi sin.
Ansin sa bhliain 1969 thug buíon imireoirí caide ó Ghaeltacht Chorca Dhuibhne fé thuras fada ó thuaidh go Gaoth Dobhair i dtuaisceart Dhún nan Gall, 320 míle bóthair a chuireadar dóibh trí shioc is trí shneachta in ndúlachair duairc na bliana chun cluiche caide nárbh fhiú tráithín a dh’imirt agus is as san a d’fhás Comórtas Peile na Gaeltachta. Bhí roinnt mhaith imireoirí atá luaite thuas ó pharóiste Fionntrá I measc an bhuíon san.Imiríodh an chéad cluiche ceannais Comórtas Peile I nGaoth Dobhair ar an 4ú Lúnasa 1969 mar ar bhuaigh an fhoireann áitiúilar an nGaeltacht 2-8 le 2-7. I rith na seascaidí bhí suim mhór I rámhaíocht sa pharóiste. Bhí cúpla criú ann ag glacadh páirt I regatta difiriúla sa leithinis agus iomaíocht gear eaturtha.Ar ócáid áirithe rámhaigh triúr I rás naomhóige I gCuan a Daingin, suas leo ansin chun cluiche caide craoibhe a imirt le Ciarraí Thiar I gcoinne Ciarraí Thoir ansan ar ais chun tabhairt fé rás naomhóige. Bhuadar na raiseanna naomhóige ach buadh orthu sa chaid,agus ba fear ón bparóiste a dhein scrios orthu—Tom Long a bhí fé dtráth san ag imirt le Ciarraí Thoir. An triúr a dhein éacht an lá san ná Sally agus Tony ó Chathair a’Treanntaigh, Jack Griffin ó Chathair Boilg agus ba é Jim Long ó Fán an ceathrú rámhaí. Nóta:Cuireadh in iúil dom le déanaí go raibh imireoir eile ó Chiarraí Thiar ar fhoireann mionúirí Chiarraí a shrois Craobh na hEireann i 1954 - sin Jack Dowling ó Chaisleán a’Ghriaire agus chuaigh sé ar aghaidh chun bonn sinsir a nhuachtaint I 1959 mar ar tháinig sé ar an bpáirc sa chluiche ceannais. Go raibh maith agat a léitheoir o Stradbally.