PRÉAMHACHA / CEANNRÓDAITHE
Is deachair a chreidiúnt go bhfuil leath-chéad bliain imithe ón deireadh seachtaine cinniúnach sin i dtosach mí Eanair 1969 nuair a d’fhág foireann peile na Gaeltachta Chorca Dhuibhne an leithinis chun turas a thabhairt ar Chumann CLCG Ghaoth Dóbhair i dTír Chonail le cluiche peile a dh’imirt.
Chun an tréimhe ama sin a thuiscint ní mór dul siar an achar céanna ó 1969 agus tá tú siar beagnach ag an am sin a bhí na laochra cosúil Shackleton agus Tom Crean ag déanamh gaisce
mórthimpeall an tAntartaic. Sar a bhí Chorca Dhuibhne bainte amach ag an bhfhoireann cróga seo arís bhí saghas taithí againn ar na coinníolacha a bhuail na fir seo i gceanntar an Phola Theas. Is i seana-bhus scoile Paddy Bric a thugamar ár naghaidh ó thuaidh agus is beag tuiscint a bhí ag éinne againn ar an mbóthar fada a bhí romhainn. Ní raibh dóthain suíochain ar an mbus don bhfoireann ar fad agus dá bhrí sin bhí orainn trí seana boscaí ime do chur i ndeireadh an bhus. Caoimhín Ó Cinnéíde, nach maireann, Breandán Mac Gearailt agus mé féin a bhí suite orthu san agus ní gá dom a rá go rabhamar tinn in áiteanna áirithe le linn an aistir!
In aineoin gur thosnaíomar ar an mbóthar le giolc an ghealbhain bhí sé déanach sa trathnóna sar a bhí Baile Shligigh bainte amach againn. Shocraíomar go níosfaimís greim bidh ansin. Bhíomar ullamh chun bóthar arís thar faoi a naoí a chlog agus cé go raibh muintir Ghaoth Dobhair ag súil linn thart faoin am sin chuir mé glaoch teileafón go dtí rúnaí fo-chumann Ghaoth Dobhair,
Feardorcha O Colla a rá go rabhamar ar tí Sligeach a fhágáil agus go mbeimís leo i gceann uair a cloig nó mar sin. Nach aineolach ar bhóithre na tíre a bhíomar ag an am san. Trí uair a cloig gi ndhiaidh sin sheolamar isteach i Halla Pobail Baile Lár áit a raibh Céilí fáilteach ar siúl duinn.
Ní raibh sé in am soip go fóill! Sa deireadh thiar bhaineamar ár dtithe lóistiní amach agus bhí codhladh sámh ag cách an oiche sin.
Ach faraoir géar cad a bhí romhainn ar maidin ach brat bán sneachta ar an dtalamh agus an é ag titim go trom i gcónaí. Ag druidim le ham an chluiche agus sinne bailithe sa seomra feisitis is beag biseach a bhí ag teacht ar an aimsir ach í ag fáil níos dorcha. Thosnaigh caint ar an cluiche a chur in athló! Is ansan a labhair ár gcúl taca, Jeaicí Ó Grifín, suas agus dúirt sé ‘’ A gcúntais Dé má chloiseann muintir Chorca Dhuibhne gur thaistealaíomar 750 míle agus gan cluiche peile a dh’imirt beidh siad ag gáirí fúinn go dtí Lá Luain!’’ Mar sin ní raibh aon dul as againn ach dul amach sa Dorchadas agus an sneachta a bhí ag titim go tiubh igcónaí. N’fheadar éinne scór an chluiche sin ach bhíomar leataithe leis an bhfuacht ag fágant Machaire Gealain an trathnóna sin agus tart mór ar cuid againn i gcomhair deochanna teithe.
Cuireadh fíor caoin fáilte roimh muintir Chorcha Dhuibhne an oíche sin ag dinéar agus cóisir agus tar éis an craic agus an ceol agus beagáinín ól thosnaigh an caint déanach san oiche.
I measc an chomhluadair san Ostán an oíche sin bhí an Iústís Seán Dealap agus nuair a thánaig an cainnt timpeall go dtí an smaoineamh a bhí á mholadh ag mo sheanchara ollscoile Anton Ó Cearúil agus mé féin go mba mhaith an rud é dá mbeadh comórtas peile ann cosúil leis an gComórtas Ollscoile Sigerson dúirt an Iústís Dealap go gcuirfeadh sé Corn ar fáil don gcomortas dá n-eagraímís a leithéad. Is féidir a rá le fírinne gur ag an neomat cinniúnach sin a thánaig Comortas Peile na Gaeltachta ar an saol.
Bhí cuid mhaith oibre le déanamh fós. Thug CLCG Gaoth Dobhair turas ar ais go Chorca Dhuibhne le linn deireadh seachtaine Cincíse 1969 ach ní doigh liom go raibh an cruatan céanna
acu is a bhí ag na ceannnródaí ó Chorca Dhuibhne i mí Eanáir. Bhí deireadh seachtaine eile den scoth againn arís agus ní raibh aon amhras orainn ach go gcaithfimís dul ar aghaidh leis an bplean chun clubanna CLCG na Gaeltachta ar fad a thabhairt le chéile.
Bhí Coiste Náisiúnta curtha ar bun cheana féin agus scríodh go dtí clubanna ins na Gaeltachtaí eile. Bhí suim láidir sa plean. Deagraíodh cruinniú in Óstán Barrys i mBaile Átha Cliath. Thánaig CLCG Páirc an Chrochaigh ar bord le cabhair airgead agus cúrsaí boilscoireachta. Thosnaigh Club áitiúl Fo-chumann Gaothdobhair faoi stiúr Feardoracha Ó Colla ag ullamhú don gcéad Comórtas Peile a bhí le tárlú ag deireadh mí na Lúnasa 1969. Ach is caibidil eile I é sin i stair Comórtas Peile na Gaeltachta.
Ag féachaint siar ar bhóthairín na smaointe cad iad na rudaí is mó a sheasann amach domsa ón gComórtas. Lasmuigh den Oireachtas a tharraing ceoltóirí amhránaite agus móruaisle na Gaeltachta le chéile i mBaile Átha Cliath b’é Cómórtas Peile na Gaeltachta an céad tógra a tharraing cosmhuintir óga na Gaeltachta le chéile agus a thug tuiscint níos fearr dúinn ar ár gcomhráidithe ó na Gaeltachtaí eile. An tarna rud is ea an feabhas atá dulta ar na háiseanna imeartha agus spoirt i gcoitinne atá ar fáil anois i ngach club Gaeltachta seachas machaire oscailte gaofar i nGaoth Dobhair agus faic in aon chor againn i gCorcha Duibhne! Freisin, níl amhras ar bith im aigne ach lámh ar láimh le gluaiseachtaí eile cósúil le Cearta Sibhialta na Gaeltachta gur chabhraigh sé borradh agus ardú meanmam sna Gaeltachtaí a spreag bunú Radio na Gaeltachta agus TG4. Féach ar an tacaíocht atá tugtha acu siúd don gComórtas.
Sa deireadh thiar ní cheart dúinn dearúd a dhéanamh ar na daoine sin idir óg agus aosta atá imithe ar shlí na fírinne a chur gualann leis an roth le Comórtas Peile na Gaeltachta a choimeád faoi lán seol caoga bliain tar éis an chéad turas cinniúnach sin.
Má thóg sé cúig uair a cloig déag orainn an turas go Gaoth Dobhair a dhéanamh an lá úd fadó
Thóg sé fiche dó uair a cloig orainn ceann scribe a bhaint amach ar ár dturas abhaile tríd an sneachta agus an leac oighir. Ní nach ionadh go maireann Comórtas Peile na Gaeltachta agus go mairfidh Céad.
Antóin de Bairéad

Ár mBunaitheoirí / Ar gCeannródaithe - An Chéad Choiste Náisiúnta
Uachtarán: An Giúistís Seán Deleap
Leas-Uachtarán: An Ceannfort Seán Ó Cólmáin
Cathaoirleach: Antóin de Bairéad
Rúnaí: Feardorcha Ó Colla
Cisteoir: Séamus Mac Gearailt
Antóin Cearúil, Connallach agus Antóin de Bairéad, Ciarraíoch, a bhí in Ollscoil Bhaile Átha Cliath le chéile ag an am a shocraigh an chéad cluiche dúshláine idir Corca Dhuibhne agus Gaoth Dobhair a h-imríodh i Machaire Gathlán ar an 6ú Eanáir 1969.