CUMANN CAIDE NA GAELTACHTA
  • BAILE
  • STAIR AN CHUMAINN
    • Stair Comórtas Peile
    • Clár an Chomórtais 2019
    • Caid i bParóiste Fionntrá
  • URRAIOCHT
  • LOTTO 50/50 na Gaeltachta
  • BALLRAÍOCHT
  • SIOPA na GAELTACHTA
  • GAILEARAÍ
  • Aisling na Gaeltachta
  • Polasaithe an Chumainn
    • Gaeilge
    • Polasaí Cothromaíochta agus Comhionnanais
    • Códanna Iompair
    • Riarachán
    • Cosaint Leanaí
    • Frithbhulaíocht
  • Cúinne Cóitseála
  • COVID19 TREORLÍNTE
  • Untitled
  • BAILE
  • STAIR AN CHUMAINN
    • Stair Comórtas Peile
    • Clár an Chomórtais 2019
    • Caid i bParóiste Fionntrá
  • URRAIOCHT
  • LOTTO 50/50 na Gaeltachta
  • BALLRAÍOCHT
  • SIOPA na GAELTACHTA
  • GAILEARAÍ
  • Aisling na Gaeltachta
  • Polasaithe an Chumainn
    • Gaeilge
    • Polasaí Cothromaíochta agus Comhionnanais
    • Códanna Iompair
    • Riarachán
    • Cosaint Leanaí
    • Frithbhulaíocht
  • Cúinne Cóitseála
  • COVID19 TREORLÍNTE
  • Untitled
Search by typing & pressing enter

YOUR CART

RIARACHÁN
1. Sna Rialacha seo:
Ciallaíonn “CLG” an Eagraíocht Náisiúnta Rialaithe le haghaidh chaomhnú agus chur chun cinn Cluichí Gaelacha agus caitheamh aimsire Gaelach ar a dtugtar Cumann Lúthchleas Gael.
Ciallaíonn “An Club” an Club faoi mar atá leagtha amach i Riail 2 leis seo.
Ciallaíonn “An Treoir Oifigiúil” Treoir Oifigiúil CLG.
Ciallaíonn “Coiste Feidhmiúcháin” Oifigigh agus Gnáthbhaill na gCoistí le chéile. 
Ciallaíonn “Rúnaí” an Rúnaí i láthair na huaire, nó duine ar bith a cheapfar chun dualgais Rúnaí an Chlub a fheidhmiú.
Ciallaíonn “Maoin Réadach” maoin an Chlub de chineál inaistrithe, ina gcuimsítear Faichí Imeartha, Páirceanna nó Foirgnimh ar bith, cibé de Thionacht Léasachta nó de Thionacht Ruílse, agus na Daingneáin agus na Feistis ar fad a cheanglaítear leo agus a úsáidtear ina dteannta.
Ciallaíonn “Maoin Phearsanta” maoin an Chlub de chineál inaistrithe, ina gcuimsítear trealamh uile Imeartha agus Spóirt an Chlub, chomh maith leis an Stoc ar fad i dTrádáil agus in Airgead nó i Sócmhainní eile de chuid an Chlub nach bhfuil aicmithe cheana mar dhaingneáin nó feistis ar “Mhaoin Réadach”, mar a shainíodh thuas.
Focail a chiallaíonn an uimhir uatha amháin, ciallóidh siad an uimhir iolra agus a mhalairt chomh maith, agus focail a chiallaíonn an fhirinscne amháin, ciallóidh siad an bhaninscne agus a mhalairt chomh maith.
AINM
2. Is é Ainm Oifigiúil an Chumainn
Cumann Lúthchleas Gael na Gaeltachta
 CUSPÓIRÍ
3.1 Is iad cuspóirí an Chlub aidhmeanna CLG a chur chun cinn, faoi mar atá leagtha síos sa Treoir Oifigiúil.
3.2 Beidh Ballraíocht, Ioncam agus Maoin an Chlub tiomanta do na cuspóirí sin a chur i bhfeidhm amháin agus ní úsáidfear iad ach chun na cuspóirí sin a chur i bhfeidhm amháin.
DATHANNA
4. Is iad Dathanna an Chlub Dearg agus Bán
BALLRAÍOCHT
5.1 Beidh trí chineál Ballraíochta sa Chumann:
5.1.1 Féadfar BALLRAÍOCHT IOMLÁN, a thabhairt do dhaoine os cionn 18 mbliana d’aois (i.e. beidh a 18ú breithlá slánaithe acu roimh an 1 Eanáir de Bhliain na Ballraíochta) a aontaíonn le haidhmeanna agus cuspóirí an Chumainn agus CLG agus a gheallann iad a chur chun cinn.
5.1.2 Féadfar BALLRAÍOCHT FAOI AOIS, a thabhairt do dhaoine faoi 18 mbliana d’aois agus Os cionn 9 mbliana d’aois (i.e. beidh a 18ú breithlá slánaithe acu an 1 Eanáir de Bhliain na Ballraíochta nó ar dháta ina dhiaidh sin agus beidh a 19ú breithlá slánaithe acu roimh an 1 Eanáir de Bhliain na Ballraíochta) a aontaíonn le haidhmeanna agus cuspóirí an Chlub agus CLG agus a gheallann iad a chur chun cinn.
5.1.3 Féadfar BALLRAÍOCHT OINIGH a thabhairt do dhaoine Os cionn 18 mbliana d’aois, mar a shainítear thuas, a thug seirbhís eisceachtúil don Chlub nó do chluichí nó do ghníomhaíochtaí CLG. Beidh cearta Baill Iomláin ag Ball Oinigh, ach beidh siad eisiata ó Tháille Bhliantúil Ballraíochta an Chlub a íoc.
5.1.4  Féadfar BALLRAÍOCHT CLAINNE a thabhairt do aon chlann  a aontaíonn le haidhmeanna agus cuspóirí an Chumainn agus CLG agus a gheallann iad a chur chun cinn. 
5.2 Déanfar Baill de CLG de Bhaill Iomlána (lena n-áirítear Baill Oinigh) agus Bhaill Faoi Aois an Chlub chomh maith.
5.3 Nuair a dheonaítear ballraíocht, leanfaidh Ballraíocht Iomlán CLG ar feadh an tsaoil, agus leanfaidh an Bhallraíocht Faoi Aois go dtí deireadh na bliana ina slánóidh an Ball ocht mbliana déag d’aois, ag an am a bheidh a chéad íocaíocht as síntiús ballraíochta mar Bhall Iomlán go huathoibríoch mura ruaigfear i gceachtar cás, an ball nó mura nglacfar lena éirí as i scríbhinn, de réir na Bunreachta agus na Rialacha seo nó de réir na Treorach Oifigiúla.
5.4 Beidh cearta baill ar bith den Chumann ar an gcoinníoll go gcomhlíonfaidh an ball forálacha na Bunreachta agus na Rialacha seo agus na Treorach Oifigiúla, lena n-áirítear táillí nó tobhaigh bhliantúla na ballraíochta ar bith a íoc.
5.5 D’fhéadfaí na cearta sin a choinneáil siar, a shrianadh nó a chur ar fionraí de réir na Bunreachta agus na Rialacha seo agus de réir na Treorach Oifigiúla.
5.6 Duine ar bith a mbeidh iarratas mar Bhall d’aon Aicme Ballraíochta, seachas Ballraíocht Oinigh á lorg aige, comhlánóidh agus síneoidh sé Foirm Iarratais fhorordaithe, nach mór a chur ar ais chuig an Rúnaí mar aon leis an táille fhorordaithe. Mar mhalairt air sin, féadfar Foirm Iarratais leictreonach ordaithe a chomhlánú agus a chur isteach chuig an gClub, mar aon le híocaíocht leictreonach den táille ordaithe.
5.7.1 Beidh an chumhacht ag an gCoiste Feidhmiúcháin imscrúdú a dhéanamh ar chúrsa ar bith, agus Baill a ruaigeadh, a chur ar fionraí, rabhadh a thabhairt dóibh, fíneáil a thabhairt dóibh nó iad a dhícháiliú ó ghníomhaíochtaí an Chlub as sárú ar an mBunreacht agus na Rialacha seo agus ar an Treoir Oifigiúil nó as iompar a mheasfar gur tharraing sé míchlú ar an gClub nó ar CLG.
5.7.2 Daoine dá leithéid, más Baill Iomlána (lena n-áirítear Baill Oinigh) nó Baill Faoi Aois iad, beidh an ceart acu achomharc a dhéanamh chun Choiste Éisteachtaí Choiste Contae CLG, laistigh de sheacht lá ó fhógra a fháil faoi chinneadh dá leithéid.
5.7.3 Mura dtabharfaidh an Club an cion ar aird Choiste Contae CLG, agus mura ndearbhaíonn an comhlacht sin, i ndiaidh dó fiúntais an cháis a bhreathnú agus cearta an imreora nó an bhaill a chur san áireamh, an pionós a gearradh, leanann an ball de bheith ina bhall dlíthiúil den Chumann agus ní chuirfear ar fionraí é ach ó ghníomhaíochtaí an Chlub amháin.
SÍNTIÚIS
6.1 Cinnfidh an Coiste Feidhmiúcháin an Síntiús Bliantúil a íocfaidh baill an Chlub agus daingneofar é ag an gCruinniú Ginearálta Bliantúil.
6.2 Féadfar an Síntiús Bliantúil a íoc nuair a thoghfar iad agus gach bliain ina dhiaidh sin, roimh an dáta agus ar an dóigh a gcinnfidh an Coiste Feidhmiúcháin é. Is é an dáta a shocrófar dáta roimh an 31 Márta gach bliain.
6.3 Féadfaidh an Coiste Feidhmiúcháin ó am go chéile an íocaíocht ar Tháille Iontrála ag baill nua nó baill atá dulta i léig a leagan síos chomh maith leis an Síntiús Bliantúil thuas.
AN COISTE FEIDHMIÚCHÁIN
7.1 Beidh gnó agus cúrsaí an Chlub faoi bhainistíocht Coiste Feidhmiúcháin, agus beidh sé ina chomhlacht rialaithe ar an gClub.
7.2 Beidh an Coiste Feidhmiúcháin comhdhéanta den Chathaoirleach, Leas-Chathaoirleach, Cisteoir, Rúnaí, Cláraitheoir,  Oifigeach Caidrimh Phoiblí, Oifigeach na Leanaí, Ionadaí amháin do na hImreoirí, agus cúigear Ball Iomlán ar a laghad (13 ar fad)
7.3 Déanfaidh Beirt Bhall Iomlán a bhfuil a dtáillí ballraíochta íoctha acu go dáta ainmniúcháin chun fónamh ar an gCoiste Feidhmiúcháin de réir Riail 6.2 agus nár cuireadh ar fionraí nó nár dícháilíodh faoin mBunreacht nó faoi na Rialacha seo nó faoin Treoir Oifigiúil.
7.4 Beidh páirt glactha ag Ionadaí na nImreoirí mar imreoir don Chlub laistigh den 48 seachtaine roimhe sin.
7.5 Toghfaidh na Baill Iomlána a bheidh i láthair a bheidh i dteideal vóta a chaitheamh agus a bheidh ag vótáil an Coiste Feidhmiúcháin, lena n-áirítear Ionadaí na nImreoirí, ag an gCruinniú Ginearálta Bliantúil.
Eisceachtaí: Ceapfar Oifigeach na Leanaí agus Oifigeach na Gaeilge agus an Chultúir ag an gCruinniú Ginearálta Bliantúil ar mholadh ón gCoiste Feidhmiúcháin a bheidh ag dul as oifig.
7.6 Baill Iomlána a bhfuil a dTáillí Ballraíochta íoctha acu go dáta de réir Riail 6.2 agus nár cuireadh ar fionraí nó nár dícháilíodh faoin mBunreacht nó faoi na Rialacha seo nó faoin Treoir Oifigiúil, is iadsan amháin a bheidh i dteideal lena dtoghadh chun an Choiste Feidhmiúcháin.
7.7 Tionólfaidh an Coiste Feidhmiúcháin a bheidh ag dul as oifig an Cruinniú Ginearálta Bliantúil.
7.8 Beidh an Coiste Feidhmiúcháin i seilbh oifige go dtí go gcuirfear an chéad Chruinniú Ginearálta Bliantúil eile i gcrích.
7.9 Tiocfaidh an Coiste Feidhmiúcháin le chéile uair amháin ar a laghad gach ráithe, agus comhdhéanfaidh ceathrar ball a bheidh i láthair córam den Choiste Feidhmiúcháin.
7.10 Beidh an Cathaoirleach, nuair a bheidh sé i láthair, i gceannas ar chruinnithe an Choiste Feidhmiúcháin; beidh an Leas-Chathaoirleach i gceannas nuair a bheidh an Cathaoirleach as láthair.
7.11 Má bhíonn an Cathaoirleach agus an Leas-Chathaoirleach beirt as láthair, toghfaidh an Coiste ball a bheidh i láthair le bheith i gceannas ar an gcruinniú.
7.12 Taifeadfaidh an Rúnaí Miontuairiscí gach Cruinnithe.
7.13 Sonrófar sna Miontuairiscí dáta an Chruinnithe, na daoine a bhí i láthair, agus cuntas gairid den Chruinniú, agus léifear iad ag an gcéad Chruinniú eile.
7.14 Má aontaítear go bhfuil Miontuairiscí dá leithéid cruinn nó gur leasaíodh iad go cuí, síneoidh an Cathaoirleach agus an Rúnaí iad, tar éis dóibh a bheith molta, tacaithe agus glactha.
7.15 Beidh an ceart eisiach ag an gCoiste Feidhmiúcháin chun Fochoistí a cheapadh, mar is cuí.
7.16 Saineoidh an Coiste Feidhmiúcháin dualgais gach Fochoiste, agus coimeádfaidh sé smacht i ngach ábhar agus gach gníomhaíocht a mheasann sé a bheith tábhachtach do leas ginearálta an Chlub, lena n-áirítear diúscairt cistí ar bith i seilbh Fochoistí dá leithéid.
7.17 Beidh an chumhacht ag an gCoiste Feidhmiúcháin Cathaoirleach na bhFochoistí sin a ainmniú.
7.18 Beidh an Cathaoirleach, an Leas-Chathaoirleach, Rúnaí agus Cisteoir an Choiste Feidhmiúcháin ina mbaill ex-oifficio de gach Fochoiste.
7.19 Beidh an chumhacht ag an gCoiste Feidhmiúcháin ó am go chéile, cibé Rialacháin a athrú nó a aisghairm a mheasfaidh siad a bheith riachtanach, fóirsteanach nó áisiúil le haghaidh iompar agus bhainistiú cuí an Chlub, agus go háirithe, ach ní go heisiach, d’fhéadfadh siad, leis na Rialacháin sin, an méid seo a leanas a leagan amach:
(a) Na téarmaí agus na coinníollacha faoina mbeidh cead ag aíonna, leanaí bhaill an Chlub agus cuairteoirí áitreabh agus maoin an Chumainn a úsáid;
(b) Amanna oscailte agus dúnta na bPáirceanna Pailliúin agus Áitreabh an Chumainn, nó cuid ar bith díobh;
(c) Iompar bhaill an Chlub maidir lena chéile;
(d) Cur ar leataobh áitreabh iomlán an Chlub, nó cuid nó codanna de le haghaidh am sonrach nó amanna sonracha ar bith, nó le haghaidh cuspóra nó cuspóirí ar bith;
(e) Forchuireadh fíneálacha as sárú ar cheann ar bith de Rialacha nó Rialacháin an Chlub.
(f) Cuirfear faomhadh na rún ar aghaidh chuig an gCoinbhinsiún Bliantúil Contae.
(g) Agus go ginearálta na nithe sin go léir a bhíonn ina n-ábhar Rialacha an Chlub de ghnáth.
7.20 Glacfaidh an Coiste Feidhmiúcháin cibé bealaí a mheasfaidh siad a bheith imleor, chun na Rialacháin sin ar fad agus na hathruithe agus na haisghairmeacha ar fad a chur ar aird bhaill an Chlub.
7.21 Fad is a bheidh na Rialacháin sin ar fad i bhfeidhm, beidh siad ina gceangal ar bhaill uile an Chlub, ar an gcoinníoll mar sin féin nach mbeidh Rialacháin ar bith neamh-chomhsheasmhach leis an mBunreacht seo nó leis na Rialacha nó leis an Treoir Oifigiúil, agus nach rachaidh siad i gcion ar aon rud iontu ná nach n-aisghairfear aon rud iontu leo, agus go bhféadfaí Rialacháin ar bith a chur ar leataobh le rún speisialta de Chruinniú Ginearálta an Chlub.
7.22 Beidh an ceart ag gach Ball Iomlán go n-éistfidh an Coiste Feidhmiúcháin leis maidir le gearán nó aighneacht ar bith a chuirfeadh sé, i scríbhinn, chuig an Rúnaí.
7.23 Féadfaidh iad siúd a leanas cruinniú speisialta den Choiste Feidhmiúcháin a ghairm:
(a) an Rúnaí, nó
(b) an Rúnaí, le haghaidh dáta tráth nach mó ná seacht lá ón dáta a gheobhaidh sé foréileamh a bheidh sínithe go cuí ag ceathrar comhaltaí den Choiste Feidhmiúcháin.
(c) Leagfar amach an cuspóir lena dteastaíonn an cruinniú speisialta i bhforéileamh dá leithéid.
7.24 Ball ar bith den Choiste Feidhmiúcháin nach dtéann chuig trí chruinniú as a chéile, gan mhíniú réasúnta, measfar gur éirí sé as an gCoiste Feidhmiúcháin.
7.25 I gcás go n-éiríonn Ball ar bith den Choiste Feidhmiúcháin as, go measfar gur éirigh sé as, nó go ndeachaigh a phost i léig ar shlí eile, beidh an chumhacht ag baill eile an Choiste Feidhmiúcháin, faoina rogha féin, an folúntas a líonadh, trí bhall eile ó chomhlacht na Ballraíochta Iomláine a chomhthoghadh ina ionad.
7.26 Ní áireofar seirbhís Baill ar bith a chomhthoghfar mar sin chun an Choiste Feidhmiúcháin agus sinsearacht Baill dá leithéid á ríomh, má thoghfar ina dhiaidh sin é le fónamh ar an gCoiste Feidhmiúcháin.
 
 
CRUINNITHE GINEARÁLTA
8.1 Tionólfaidh an Club cruinniú ginearálta gach bliain mar a Chruinniú Ginearálta Bliantúil, chomh maith le Cruinnithe Ginearálta ar bith eile an bhliain sin, agus sonróidh sé an cruinniú amhlaidh san fhógra ina ngairfear é.
8.2 Tabharfar Cruinnithe Ginearálta Speisialta ar gach Cruinniú Ginearálta, seachas Cruinnithe Ginearálta Bliantúla.
8.3 Tionólfar Cruinniú Ginearálta Bliantúil cibé am a chinnfeadh an Coiste Feidhmiúcháin, ach a mhéid a bheidh sé praiticiúil tionólfar é roimh dheireadh mhí na Samhna gach bliain.
8.4 Déanfar an gnó seo a leanas a idirbheartú ag an gCruinniú Ginearálta Bliantúil:
(a) Glacadh Buanorduithe.
(b) Miontuairiscí ón gCruinniú Ginearálta Bliantúil roimhe sin.
(c) Breathnú ar an Tuarascáil Bhliantúil a chuir an Rúnaí isteach.
(d) Breathnú ar na Ráitis Airgeadais lena n-áirítear Tuarascáil an Chuntasóra (Cuntasóirí) nó an Iniúchóra (Iniúchóirí).
(e) Aitheasc an Chathaoirligh.
(f) Toghadh Oifigigh agus Bhaill an Choiste Feidhmiúcháin.
(g) Fógraí maidir le Rún.
(h) Gnó eile
8.5 Gairfear Cruinniú Ginearálta Bliantúil an Chlub ar na bealaí seo a leanas:
8.5.1 Cinnfidh an Coiste Feidhmiúcháin dáta, am agus áit don chruinniú, ag tabhairt go leor ama chun na teorainneacha ama atá leagtha amach thíos a chomhlíonadh.
8.5.2 Nuair a bheidh dáta an Chruinnithe Ghinearálta Bhliantúil socraithe, tabharfaidh an Rúnaí fógra ocht lá is fiche ar a laghad i scríbhinn do na baill maidir leis an dáta sin, agus iarrfaidh sé ainmniúcháin ag an am céanna lena dtoghadh chun an Choiste Feidhmiúcháin le haghaidh na bliana dár gcionn agus rúin lena mbreathnú ag an gCruinniú Ginearálta Bliantúil, ag sonrú chomh maith go bhfaighidh sé na hainmniúcháin agus na rúin sin faoi dháta nach lú nach aon lá is fiche roimh an dáta a bheith socraithe don chruinniú.
8.5.3 Déanfaidh an Rúnaí ansin, ar an dáta a bheidh socraithe chun na hAinmniúcháin agus na Rúin sin a chur ar ais chuige nó i ndiaidh an dáta sin, ach ionas go dtabharfar fógra soiléir deich lá roimh an gcruinniú, na doiciméid seo a leanas a scaipeadh:
(a) Cóip den Chlár Oibre don chruinniú.
(b) Cóip de Thuarascáil Bhliantúil an Rúnaí.
(c) Cóip de na Ráitis Airgeadais lena n-áirítear Tuarascáil an Chuntasóra (Cuntasóirí) nó an Iniúchóra (Iniúchóirí)
(d) Sonraí maidir leis na hAinmniúcháin lena dtoghadh chun an Choiste Feidhmiúcháin.
(e) Cóipeanna de rúin ar bith lena mbreathnú ag an gcruinniú.
8.6 I gcás líon na Ainmnithe le haghaidh post Coiste Feidhmiúcháin ar bith a bheith comhionann le líon na bpost a bheidh le líonadh nó níos lú ná líon na bpost a bheidh le líonadh, dearbhófar go bhfuil na
hAinmnithe sin tofa, agus poist ar bith nach líonfar, i ngeall ar easpa Ainmnithe nó Ainmnithe ag tarraingt amach, líonfaidh an Coiste Feidhmiúcháin nua iad, chomh luath agus is féidir i ndiaidh an Chruinnithe Ghinearálta Bhliantúil.
8.7 Féadfaidh an Coiste Feidhmiúcháin Cruinniú Ginearálta Speisialta a ghairm ag tráth ar bith, fad is go dtabharfar fógra soiléir deich lá,
i scríbhinn, do na baill, ina sonrófar an cuspóir le Cruinniú Ginearálta Speisialta den sórt sin.
8.8 Gairfidh an Coiste Feidhmiúcháin Cruinniú Ginearálta Speisialta, le haghaidh dáta tráth nach mó ná ocht lá is fiche ón dáta a gheobhaidh an Coiste Feidhmiúcháin foréileamh, i scríbhinn, a bheidh sínithe go cuí ag beirt bhall déag den Chlub, agus tabharfar fógra soiléir deich lá do na Baill.
8.8.1 Leagfar amach an cuspóir lena dteastaíonn an Cruinniú Ginearálta Speisialta i bhForéileamh dá leithéid ó bhaill an Chlub, agus lóisteálfar iad leis an Rúnaí.
8.8.2 Mura ngairtear an Cruinniú Ginearálta Speisialta le haghaidh dáta laistigh de na hocht lá is fiche a ordaíodh, féadfaidh na Daoine a Rinne na Foréilimh Cruinniú Ginearálta Speisialta a thionól iad féin, ag baint úsáid as fógraí nuachtáin más gá chun cruinniú dá leithéid a chur in iúl do na baill.
8.9 Ní dhéanfar gnó ar bith eile, lasmuigh den ghnó a bheidh sonraithe san Fhógra, a idirbheartú ag Cruinniú Ginearálta Speisialta.
8.10 Ní dhéanfar gnó ar bith a idirbheartú ag Cruinniú Ginearálta ar bith mura bhfuil córam ball i láthair tráth a rachaidh an cruinniú ar aghaidh chuig cúrsaí gnó. Ach amháin má fhoráiltear a mhalairt anseo, beidh fiche faoin gcéad de na Baill Iomlána atá i dteideal vótáil ina chóram ag Cruinniú Ginearálta.
8.11 Mura mbeidh córam ball i láthair laistigh de leathuair i ndiaidh an ama a ceapadh le haghaidh Cruinniú Ginearálta, déanfar an cruinniú, má bhíonn sé á thionól ar fhoréileamh na mball, a dhíscaoileadh; i gcás ar bith eile cuirfear ar atráth é go dtí an lá céanna
an tseachtain dár gcionn, ag an am céanna agus ag an áit chéanna; agus mura mbeidh córam ball i láthair ag an gcruinniú a ationóladh leathuair i ndiaidh an ama a ceapadh le haghaidh an chruinnithe, beidh na baill i láthair ina gcóram mar sin.
8.12 Beidh an Cathaoirleach, agus an Leas-Chathaoirleach mura mbeidh an Cathaoirleach ansin, i gceannas mar Chathaoirleach ag gach Cruinniú Ginearálta de chuid an Chlub.
8.13 Mura mbeidh Cathaoirleach dá leithéid ann, nó mura mbeidh sé i láthair ag cruinniú ar bith laistigh de thríocha nóiméad i ndiaidh an ama a ceapadh le haghaidh an cruinniú a thionól, roghnóidh na baill a bheidh i láthair ag an am sin duine dá líon ar ball é den Choiste Feidhmiúcháin le bheith ina Chathaoirleach ar an gcruinniú, agus mura mbeidh Ball ar bith den Choiste Feidhmiúcháin i láthair, toghfaidh na baill duine dá líon féin le bheith ina Chathaoirleach ar an gCruinniú.
8.14 Féadfaidh an Cathaoirleach, le toiliú an chruinnithe, an cruinniú a chur ar atráth ó am go chéile agus ó áit go háit, ach ní dhéanfar gnó ar bith a idirbheartú ag cruinniú ationólta ar bith seachas gnó ar bith a fágadh gan chríochnú ag an gcruinniú a cuireadh ar atráth.
8.15 Mura gcloítear go docht leis na teorainneacha ama atá leagtha amach sa Bhunreacht agus sna Rialacha seo nó mura bhfaigheann daoine atá i dteideal fógra a fháil Fógra maidir le Cruinniú, ní dhéanfar na himeachtaí ag an gcruinniú sin a chur ó bhail mar thoradh air sin, ach beidh formhór na mball a bheidh i láthair i dteideal atráth an chruinnithe a iarraidh agus a fháil go dtí cibé dáta faoina mbeadh go leor ama acu le hábhair doiciméad ábhartha ar bith a fháil agus a bhreathnú.
VÓTÁIL
9.1 Baill Iomlána, a bhfuil a dTáillí Ballraíochta íoctha acu go dáta de réir Riail 6.2, agus nár cuireadh ar fionraí nó nár dícháilíodh faoin mBunreacht nó faoi na Rialacha seo nó faoin Treoir Oifigiúil, is
iadsan amháin a bheidh i dteideal vóta a chaitheamh ag Cruinniú Ginearálta.
9.2 I gcás comhionannas vótaí, cibé acu le taispeáint lámh nó le ballóid, beidh an vóta réitigh ag an gCathaoirleach ar Chruinniú Ginearálta, ar chruinniú Coiste Feidhmiúcháin nó ar chruinniú Fochoiste sa bhreis ar a vóta mar bhall, beag beann ar cibé acu ar chaith sé vóta ar an ábhar i dtosach nó nár chaith, cé is moite de thoghadh chun poist ar bith, i gcás go gcinnfear an toradh i gcás comhionannas vótaí trí chrannchur.
9.3 Ag Cruinniú Ginearálta ar bith cinnfear rún a chuirfear chun vóta cruinnithe le taispeáint lámh, ach amháin, má bhíonn ballóid roimh dhearbhú thoradh na taispeánta lámh, nó ina dhiaidh sin, á héileamh ag:
(a) an Cathaoirleach
(b) ag cúigear ball ar a laghad a bheidh i láthair agus i dteideal vóta a chaitheamh.
9.4 Mura n-éilítear ballóid amhlaidh, dearbhú ón gCathaoirleach gur glacadh le rún leis an taispeáint lámh, nó gur glacadh d’aon toil é, nó le tromlach faoi leith, nó gur cailleadh é, beidh an dearbhú sin críochnaitheach, agus beidh iontráil maidir leis sin sa leabhar ina gcuimsítear miontuairiscí an Chlub ina fianaise dhochloíte air sin, gan cruthúnas ar líon nó ar chion na vótaí i bhfabhar nó i gcoinne rúin dá leithéid.
9.5 Má éilítear ballóid amhlaidh, déanfar an bhallóid sin i cibé dóigh a n-ordóidh an Cathaoirleach é, agus measfar gur toradh na ballóide sin cinneadh an chruinnithe ar éilíodh an bhallóid aige.
9.6 Déanfar Ballóid Rúnda chun toradh comórtais ar bith le haghaidh post toghthach a chinneadh.
SÓCMHAINNÍ AGUS IONTAOBHAITHE
10.1 Sealbhaítear gach maoin ar bith de chuid Club ar Iontaobhas chun tairbhe an Chlub lena mbaineann. Tá an tIontaobhas faoi réir agus á rialú ag forálacha na Treorach Oifigiúla agus an Chóid maidir
le hIontaobhais Mhaoin an Chumainn, faoi mar a leasófaí an dá cheann ó am go chéile.
Dílseofar gach maoin den sórt sin san Iontaobhas Corparáideach agus/nó i líon ball iomlán mar Iontaobhaithe.
10.2 Beidh an chumhacht ag an gClub Maoin Réadach agus Maoin Phearsanta a éadáil, a shealbhú agus a fhorbairt, a léasú, a mhorgáistiú, táille a ghearradh as, a mhalartú nó a dhíol, agus airgead a fháil ar iasacht nó a thiomsú chun cuspóirí an Chlub a chur chun cinn, faoi réir údarás foriomlán Ard-Chomhairle CLG.
10.3 Ní dhéanfar an Maoin Réadach a léasú, a mhorgáistiú, ní ghearrfar táille as, nó a dhíol, nó a iompar, nó a aistriú nó ní dhéileálfar leis ar bhealach ar bith gan toiliú i scríbhinn ón Ard-Chomhairle CLG, nó faoi mar a leagfar amach i nDearbhú Iontaobhais ar leith ar bith.
10.4 (A) Déanfar an Mhaoin Phearsanta atá faoi úinéireacht Club nó á sealbhú ag Club a dhílsiú sa Chathaoirleach, sa Chisteoir agus sa Rúnaí a sealbhóidh ar Iontaobhas é don Chlub.
(B) Déanfar Maoin Réadach de chuid Club, a dhílsiú iontu seo a leanas:
(i) Cúigear Iontaobhaithe, triúr díobh a cheapfar ar son agus thar ceann Club, duine amháin díobh a cheapfar ar son agus thar ceann an Choiste Contae ábhartha, agus duine amháin a cheapfar ar son agus thar ceann na Comhairle Cúige cuí; nó
(ii) Ceathrar Iontaobhaithe, triúr díobh a cheapfar ar son agus thar ceann Club agus ceapfar an tIontaobhaí Corparáideach ar son agus thar ceann an Choiste Contae agus na Comhairle Cúige ábhartha; nó
(iii) Iontaobhaí amháin a bheidh ina Iontaobhaí Corparáideach. Maidir le Maoin Réadach atá lonnaithe i Sasana nó sa Bhreatain Bheag is é (ii) an t-aon rogha atá ar fáil.
10.5 Féadfaidh an Coiste Feidhmiúcháin a chinneadh cibé an gceapfar an tIontaobhaí Corparáideach nó daoine eile mar Iontaobhaithe ar son agus thar ceann an Chlub chun críche Rialacha 5.3(B)(b)(1)(i) nó (ii) agus cé hiad na daoine a bheidh i gceist.
10.6 Trí bhíthin a gceapachán a ghlacadh agus de réir mar a theastaíonn agus nuair a theastaíonn ón Ard-Chomhairle, comhlíonfaidh Iontaobhaithe uile na Maoine Réadaí Dearbhú Iontaobhais, arna fhaomhadh ag an Ard-Chomhairle, agus ina mbeidh na forálacha maidir le ceapadh, cur as oifig nó cur in ionad na nIontaobhaithe chomh maith le hiompar na nIontaobhaithe i bhfeidhmiú a ndualgas agus i bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoin iontaobhas a rialú.
Féadfar téarmaí an Dearbhaithe Iontaobhais arna bhfaomhadh ag an Ard-Chomhairle a leasú nó a ionadú de réir mar a chinnfidh an Ard-Chomhairle ó am go chéile.
10.7 Sa chás gur duine aonair é an t-iontaobhaí, beidh Iontaobhaí i seilbh oifige go dtí go scoirfidh sé/sí nó go dtí go bhfaighidh sé/sí bás mura gcuirtear duine eile ina ionad/hionad de réir fhorálacha Riail 5.3, na Treorach Oifigiúla agus an Chóid maidir le Maoin an Chumainn.
10.8 Déanfaidh Iontaobhaithe na Maoine Réadaí, ach cead a fháil ar dtús ón Ard-Chomhairle CLG más gá, a chumhachtaí a fheidhmiú agus a ndualgais a chomhlíonadh faoi mar a ordóidh an Club agus de réir na Rialacha i gCaibidil 5 den Treoir Oifigiúil agus den Chód maidir le Maoin an Chumainn.
10.9 Tabharfar Treoir de chuid an Chlub le rún bhaill iomlána an Chlub, a rithfidh tromlach na mball a bheidh i láthair, a bheidh i dteideal vóta a chaitheamh agus a bheidh ag vótáil ag Cruinniú Ginearálta a tionóladh go cuí agus nuair a rithfear é beidh sé ina cheangal ar bhaill uile an Chlub.
10.10 Beidh Deimhniú a shíneoidh an Rúnaí, i bhfabhar duine ar bith a bheidh ag brath air, ina fianaise dhochloíte gur tugadh Treoir, a chomhlíonann forálacha na Rialach seo ar gach slí, go cuí do na hIontaobhaithe.
10.11 Infheisteoidh agus úsáidfidh Iontaobhaithe na Maoine Pearsanta an mhaoin sin de réir Threoracha an Choiste Feidhmiúcháin, a mbeidh iontráil i leabhar na Miontuairiscí ina fianaise dhochloíte ina leith.
10.12 Déanfaidh an Club Iontaobhaithe a shlánú agus a shábháil ó dhíobháil maidir le caillteanas nó speansais as póca bona fide ar bith a thabhódh siad i gcomhlíonadh a gcumhachtaí nó a ndualgas nó maidir leo.
LEABHAIR AGUS CUNTAIS
11.1 Osclóidh an Coiste Feidhmiúcháin Cuntas Bainc nó Cuntais Bhainc le Banc faofa thar ceann an Chlub, agus beidh na seiceanna ar fad a tharraingeofar as an cuntas sin sínithe ag an gCisteoir agus comhshínithe ag an gCathaoirleach nó an Rúnaí.
11.2 Cuirfidh an Coiste Feidhmiúcháin faoi deara go gcoinneofar Leabhair chuí Chuntais maidir le:
(a) Na suimeanna airgid ar fad a gheobhaidh agus a chaithfidh an Club, agus na cúrsaí maidir lena ndearnadh na fáltais agus an caiteachas sin; agus
(b) Na Díolacháin agus Ceannacháin uile a rinne Club; agus
(c) Sócmhainní agus Dliteanais an Chlub.
11.3 Coinneofar na Leabhair Chuntas cibé áit nó áiteanna is cuí leis an gCoiste Feidhmiúcháin, agus beidh siad ar fáil ag gach am réasúnta lena n-iniúchadh ag baill an Choiste Feidhmiúcháin.
11.4 Maidir le Leabhair Chuntais an Chlub cinnfidh an Coiste Feidhmiúcháin ó am go chéile cibé an mbeidh siad ar fáil, a mhéid a bheidh siad ar fáil, na hamanna agus na háiteanna a mbeidh siad ar fáil, agus na coinníollacha agus na rialacháin faoina mbeidh siad ar fáil lena n-iniúchadh ag baill iomlána an Chlub nach ball den Choiste Feidhmiúcháin iad, agus ní bheidh ceart ag ball ar bith (nach Ball den Choiste Feidhmiúcháin iad) iniúchadh a dhéanamh ar Chuntas nó Leabhar nó Doiciméad ar bith de chuid an Chlub ach amháin má cheadaíonn an Coiste Feidhmiúcháin é.
11.5 Ceapfar Duine neamhspleách nó Daoine neamhspleácha atá cáilithe go cuí mar Chuntasóir (Cuntasóirí) chun tuairisciú a dhéanamh ar Chuntais/Ráitis Airgeadais an Chlub lena gcur i láthair an Chruinnithe Ghinearálta Bhliantúil. Má mheasfaidh Coiste Feidhmiúcháin an Chlub gur cuí é déanfar iniúchadh ar na
Cuntais/Ráitis Airgeadais. Cuirfear cóip de na Cuntais/Ráitis Airgeadais, arna nglacadh agus arna bhfaomhadh, faoi bhráid an Choiste Contae laistigh de cheithre seachtaine ó dháta an Chruinnithe Ghinearálta Bhliantúil.
11.6 Cuirfidh an Coiste Leabhair agus Cuntais an Chlub i láthair an Chuntasóra (Cuntasóirí) nó an Iniúchóra (Iniúchóirí) in am trátha le go mbeidh Tuarascáil an Chuntasóra (Cuntasóirí) nó an Iniúchóra (Iniúchóirí) sin ar fáil ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil an Chlub agus go mbreathnófar iad ag an gcruinniú sin.
11.7 Beidh na Ráitis Airgeadais faofa ag an gCoiste Feidhmiúcháin, agus sínithe ag beirt as an triúr Oifigeach – an Cathaoirleach, an Rúnaí, an Cisteoir – thar ceann an Choiste Feidhmiúcháin.
11.8 Cuirfidh an Coiste Feidhmiúcháin faoi deara Cuntas Ioncaim agus Caiteachais agus Clár Comhardaithe a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Chruinnithe Ghinearálta Bhliantúil agus beidh siad sin tugtha cothrom le dáta tráth nach mó ná sé mhí roimh chruinniú dá leithéid.
11.9 Cuirfear Clár Comhardaithe agus Cuntais an Chlub ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim, nuair a iarrfar iad.
11.10 Is leis an gClub gach Leabhar Cuntas, lena n-áirítear gach doiciméad, dearbhán, ráiteas agus nóta, chomh maith le leabhair mhiontuairiscí, nótaí ar chruinnithe, comhfhreagras bunaidh agus cóipeanna de gach doiciméad dá leithéid, agus ní bheidh teideal pearsanta ar dhoiciméid dá leithéid ag duine ar bith nó ní bheidh leas ar bith aige iontu d’eisiamh an Chlub.
11.11 Is é an 31 Deireadh Fómhair deireadh bhliain Airgeadais an Chlub
IONCAM AGUS MAOIN
12.1 Ní dhéanfar cion ar bith d’Ioncam agus Maoin an Chlub a íoc nó a aistriú go díreach nó go hindíreach trí bhíthin brabúis, díbhinne, bónais nó trí bhealach eile ar chor ar bith chuig Baill an Chlub.
12.2 Ní cheapfar Oifigeach ar bith in Oifig ar bith laistigh den Chlub a íocfar le tuarastal nó táillí, nó ní bhfaighidh sé luach saothair nó sochar ar bith eile in airgead nó i luach airgid ón gClub Maidir le hOifig dá leithéid, ar an gcoinníoll, áfach, nach gcuirfidh rud ar bith cosc ar íocaíocht de mheon macánta ag an gClub maidir le:
(a) luach saothair réasúnta agus cuí le Ball nó Oifigeach ar bith den Chlub as seirbhísí ar bith a sholáthraíonn siad don Chlub (seachas mar Oifigeach);
(b) luach saothair réasúnta agus cuí le cuideachta ar bith a bhfuil Ball nó Oifigeach den Chlub ina stiúrthóir nó ina gheallsealbhóir uirthi, as seirbhísí ar bith a sholáthraíonn siad don Chlub;
(c) ús ag ráta nach mó ná 5% in aghaidh na bliana ar airgead a thug Oifigigh nó Baill eile den Chlub ar iasacht don Chlub;
(d) cíos réasúnta agus cuí ar áitreabh a bheidh á fhorléasadh agus a ligean ar cíos ag Oifigigh nó Baill eile den Chlub (lena n-áirítear Oifigeach ar bith) don Chlub;
(e) speansais as póca réasúnta agus chuí a thabhóidh Oifigeach ar bith i ndáil lena bhfreastal ar aon ní a bhaineann leis an gClub;
(f) táillí, luach saothair nó sochar eile in airgead nó i luach airgid do Chuideachta ar bith a bhféadfadh Oifigeach bheith ina bhall inti, agus nach bhfuil níos mó ná an céadú cuid de chaipiteal eisithe na Cuideachta sin á shealbhú aige.
FOIRCEANNADH
13.1 Ní rithfear rún chun Club a fhoirceannadh ach amháin ag Cruinniú Ginearálta, a ghairfear go speisialta chun críche rúin dá leithéid, má bhíonn sé tacaithe ag líon nach lú ná trí cheathrú díobh siúd a bheidh i láthair, a bheidh i dteideal vóta a chaitheamh agus a bheidh ag vótáil.
13.2 Beidh cinneadh ar bith maidir le Club a Fhoirceannadh faoi réir fhaomhadh an Choiste Contae.
13.3 Ar fhoirceannadh dá leithéid, má bhíonn maoin ar bith ar chor ar bith fágtha, i ndiaidh shásamh a fhiach agus a dhliteanas uile, ní íocfar an mhaoin sin le baill, oifigigh nó fostaithe an Chlub, nó ní dháilfear ina measc í, ach coinneoidh na hIontaobhaithe ar iontaobhas í do Choiste Contae cuí an Chumainn, lena diúscairt faoi mar a ordódh an Coiste Contae sin, ach ní íocfaidh siad an mhaoin leis na baill, na hoifigigh nó na fostaithe, nó ní dháilfidh siad í ina measc i gcás ar bith.
BREISEANNA LE RIALACHA AGUS LEASUITHE ORTHU
14.1 Féadfar Breiseanna leis na mBunreacht agus na Rialacha seo agus leasuithe orthu a dhéanamh ag Cruinniú Ginearálta Bliantúil nó ag Cruinniú Ginearálta Speisialta a ghairfear chun na críche sin, ar an gcoinníoll go nglacfaidh vóta dhá thrian de na baill a bheidh i láthair, a bheidh i dteideal vóta a chaitheamh agus a bheidh ag vótáil leis an Rún ina moltar é sin, nach dtagann sé sin salach ar an Treoir Oifigiúil, agus go dtabharfaidh an Coiste Bainistíochta Contae cead i leith an athraithe (athruithe).
14.2 Baill ar mian leo Breiseanna ar an mBunreacht agus na Rialacha seo nó leasuithe orthu a mholadh ní mór dóibh fógra faoi na Breiseanna agus na Leasuithe molta a chur chuig an Rúnaí i scríbhinn tráth nach déanaí ná aon lá is fiche roimh an gCruinniú Ginearálta Bliantúil, nó roimh an gCruinniú Ginearálta Speisialta mar a fhoráiltear le Riail 8.5.2 leis seo.
14.3 Más cuí, ní chuirfear Breiseanna le forálacha na gClásal maidir leis an bPríomhchuspóir (Príomhchuspóirí) (3), Ioncam agus Maoin (12) agus Foirceannadh (13) sa Bhunreacht agus na Rialacha seo atá i bhfeidhm i láthair na huaire nó ní dhéanfar leasuithe orthu, mura mbeidh siad faofa roimhe seo ag na Coimisinéirí Ioncaim i scríbhinn.
 
COMHLÍONADH FHORÁLACHA NA TREORACH OIFIGIÚLA
15. Léifear an Bhunreacht agus na Rialacha seo i gcomhar leis an Treoir Oifigiúil agus faoi réir na Treorach Oifigiúla.
LÉIRMHÍNIÚ BHUNREACHT AGUS RIALACHA AN CHLUB
16. Is é an Coiste Feidhmiúcháin amháin a bheidh ina údarás maidir le Léirmhíniú Bhunreacht agus Rialacha an Chlub (cé is moite de Rialacha 5.11.1, 5.11.2 agus 5.11.3) agus maidir le fodhlíthe agus rialacháin ar bith a dhéanfar anseo istigh; agus beidh cinneadh an Choiste Feidhmiúcháin ar cheist ar bith ar léirmhíniú, nó ar ábhar ar bith a bhaineann leis an gClub agus nach ndéanfar foráil maidir leis, críochnaitheach agus ina cheangal ar na baill, faoi réir achomhairc chun Choiste Éisteachtaí an Choiste Contae de réir fhorálacha Riail 5.11.2, agus ní bheidh sé i gcúinsí ar bith faoi réir achomhairc chun Cúirte Dlí ar bith.
GINEARÁLTA
17.1 Féadfaidh an Club Fógra a thabhairt do Bhall ar bith go pearsanta nó trí é a sheoladh sa phost nó le ríomhphost chuige go dtí an seoladh is déanaí is eol a bheith aige.
17.2 I gcás go seolfar Fógra sa phost, measfar seirbheáil an Fhógra sin a bheidh déanta tríd an seoladh ceart a chur ar litir ina mbeidh an Fógra, é a réamhíoc agus a chur sa phost, agus measfar é a bheith déanta tráth a seachadfaí an litir i ngnáthchúrsa an phoist.
17.3 Mainneachtain fógra maidir le cruinniú ar bith a thabhairt nó i gcás nach mbeidh fógra faighte ag duine atá i dteideal fógra a fháil, ní dhéanfar imeachtaí an chruinnithe sin a chur ó bhail mar thoradh air sin.
17.4 Glacfar an Bhunreacht agus na Rialacha seo mar leasú nó mar ionadú ar Bhunreacht nó Rialacha reatha ar bith de chuid Chlub CLG na Gaeltachta  amhail an____ lá de__________.

 


Picture
CLG NA GAELTACHTA,
GALLAROS
BAILE NA NGALL,
TRÁ LÍ,
CO. CHIARRAÍ​. 
​

​clgnagaeltachta@gmail.com                                  secretary.gaeltacht.kerry@gaa.ie