Polasaí Teangan
Is i nGaeilge a reáchtálfar gnó agus imeachtaí an Chumainn.
a) Is i nGaeilge a bheidh traenáil agus bainistíocht foirne an chumainn
b) Is i nGaeilge a bheidh imeachtaí an chumainn, mar shamplaí; oícheanta sóisialta, bronnadh duaiseanna, báil fhoirmiúla agus eile.
c) Is i nGaeilge amháin a dhéanfar teagmháil le baill an chumainn; tríd an bpost, ar an ríomhphost, ar ghutháin, ar phóstaeir agus eile.
d) Déanfaidh an Cumann a chuid gnó le grúpaí, gnólachtaí agus daoine eile trí Ghaeilge, ach amháin sa chás nach bhfuil seirbhís ar leith ar fáil as Gaeilge nó gur rud eisceachtúil atá i gceist, nach dtarlódh ach go hannamh. Déanfar iarracht an Ghaeilge a úsáid i mbeannachtaí agus mar sin de agus teangacha eile in úsáid ag an gcumann.
d) Aon teagmháil a bhíonn ag an gCumann leis an stát, is i nGaeilge a bheidh sí, ach amháin sa chás go gcuirfeadh seo as go mór is go soiléir do eagrú an chumainn, agus sa chás seo déanfar gearán leis na húdaráis chuí más toil leis an té a bhí i mbun na
teagmhála é.
e) Déanfar iarracht gach teagmháil a dhéanann an Cumann leis an Cumann Lúthchleas Gael a dhéanamh as Gaeilge, ach amháin sa chás nach chun leasa an chumainn aon mhoill bhreise a bheith ann de thoradh na teagmhála.
f) Cuirfear an Ghaeilge chun cinn in aon chás go mbíonn an Cumann ag dul i mbun teangacha eile, tríd an Ghaeilge a úsáid, ar a laghad, i dtús agus i ndeireadh aon teagmhála i bhfoirm scríbhinn nó cainte le haon dream nó duine eile.
g) Tuigfear go gcaithfidh Gaeilge a bheith ag baill imeartha agus ghníomhacha; traenálaithe, bainisteoirí, fisiteiripeoirí, maoir pháirce, agus aon duine eile a bheidh páirteach sa chumann.
h) Is i nGaeilge a bheidh foilseacháin an chumainn; nuachtlitreacha, leabhráin eolais, bileoga fógraíochta, póstaeir agus eile.
i) Is ina n-ainmneacha Gaeilge a bheidh baill cláraithe leis an gCumann.
j) Is i nGaeilge a bheidh ainmneacha seoltaí ríomhphoist an Chumainn.
k) Is i nGaeilge a bheidh suíomh idirlín an chumainn, ach is ceadmhach an buneolas a bheith ar fáil i dteangacha eile mar rogha thánaisteach.
l) Is i nGaeilge a eagrófar an cumann go seachtrach chomh fada agus is féidir agus níl aon riachtanas ann tiontú ar theangacha eile ach amháin sa chás go mbeadh sé go mór chun leasa an chumainn. Mar shampla níl aon dualgas ar an gCumann aon cháipéis nó tuairisc a sholáthar i dteangacha eile.
m) Tabharfar tacaíocht do bhaill an chumainn Gaeilge shaibhir a labhairt trí fhoclóir saibhris a chur ar fáil den fhoclaíocht is mó a bheidh de dhíth do na cluichí.
n) Is i nGaeilge a bheidh ainm an Chumainn. Ní thabharfar aon údarás do leaganacha i dteangacha eile.
o) Níl cead traenálaí nó bainisteoir gan Ghaeilge a cheapadh nó a úsáid ach amháin sa chás gur aoi-thraenálaí atá i gceist agus nach dtarlódh a leithéid ach go hannamh. Sa chás go bhfuil beagán Gaeilge ag an duine seo a luaitear thuas, tabharfar gach spreagadh dóibh sin í a úsáid sa seisiún.
P) Is i nGaeilge a bheidh cumarsáid i measc imreoirí ar an bpáirc agus in aon suíomh a bhaineann leis an gCumann.
q) Is faoin gCoiste Gnóthaí a bheidh sé aon phionós a ghearradh orthu siúd nach dtiocfaidh le fís Ghaeilge an Chumainn, más toil leis an gCoiste é, ina measc díbirt nó scor ballraíochta.
r) Beidh tuiscint ann dóibh siúd ar fhoirne faoi aois nach bhfuil cumas chomh hard céanna acu sa Ghaeilge ach beifear ag súl le hiarracht mhacánta.
s) Ní thabharfar cead imeartha dóibh siúd nach gcloíonn le rialacha i dtaobh na Gaeilge.
t) Is i nGaeilge amháin a bheidh aon scríbhneoireacht ar gheansaithe nó marsantas an chumainn ach amháin sa chás gur comhlacht urraíochta atá i gceist. Sa chás sin déanfar iarracht an Ghaeilge a chur chun cinn ar chomhchéim.
U) Ceadófar úsáid teangacha eile in imeachtaí tiomsaithe airgid a eagraítear taobh amuigh den chumann féin, le daoine gan Ghaeilge a mhealladh ach go háirithe. Is ceadmhach teangacha eile a úsáid chomh maith i bhfoilseacháin nó bileoga a bhainfeadh le cur chun cinn an chumainn ina measc siúd nach bhfuil Gaeilge acu.
v) Aithníonn an cumann cearta bhaill an chumainn an Ghaeilge a úsáid gan bhac gan bhrú, agus aithníonn leis, an soláthar forleathan atá ann de chumainn ina bhfuil rogha an Bhéarla mar phríomtheanga cumarsáide iontu agus ata ar fail dóibh sin nach dteastaionn uathu bheith mar chuid de chumann lán-Ghaeilge.
w) D’aon rud ar leith nach luaitear thuas, thiocfadh sé faoi anáil ‘Is i nGaeilge a reáchtálfar gnó agus imeachtaí an Chumainn.’ agus an bhrí a bhainfidh an Coiste Gnóthaí as.
Is cóir 'Cumann lán-Ghaeilge' a chur mar chur síos ar an gcumann pé áit gur féidir le go gcuirtear bunfhís an chumainn seo chun cuimhne i gcónaí.